An bhfuil beartas tomhaltóirí an Aontais dírithe ar an aos óg? Conas is féidir linn tacú leo roghanna inbhuanaithe a dhéanamh? Conas is féidir beartais tomhaltóirí a cheapadh atá bunaithe ar threochtaí nua? Díríodh ar na ceisteanna sin Ie linn díospóireacht bhríomhar a tionóladh sa Bhruiséil an 27 Márta. Bhí lán seomra de dhaltaí agus ionadaithe ó chomhlachais tomhaltóirí, ó earnáil an ghnó agus ó earnáil na teicneolaíochta faisnéise i láthair chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an tsoghluaisteacht a fheabhsú, an dramhaíl bia a sheachaint, an mearfhaisean a dhéanamh inbhuanaithe agus tuiscint a fháil ar ról na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun athruithe a spreagadh.

Ba é príomhchuspóir na hócáide aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna), arb iad seo na tionchair is mó ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann.

Ba í Isabel Caño, Leas-Uachtarán de chuid CESE, a chuir tús le Lá Eorpach na dTomhaltóirí (an 21ú ceann). Mhol sí an t-aos óg a shlógadh go fada fairsing ar son na haeráide agus leag sí béim ar an dlúthnasc atá idir an tomhaltas agus an comhshaol agus ar an tábhacht atá le beartas tomhaltóirí an Aontais a bheith ag teacht le huaillmhianta aeráide an aosa óig.

"Caithfidh sibh a chinntiú go méadófar ar an tionchar a imríonn sibh ar chúrsaí polaitíochta. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an aos óg i ndréachtú bheartas reatha an Aontais agus i ndréachtú a bheartais amach anseo. Is éard is aidhm dúinn ar Lá Eorpach na dTomhaltóirí ná a chur in iúl go bhfuil sé ríthábhachtach go gcloisfear bhur nguth sa Bhruiséil," arsa an Leas-Uachtarán.

Mar leanas a labhair Youna Marette, bean óg seacht mbliana déag d'aois agus duine de chinn feadhna na n-agóidí sa Bheilg ar son na haeráide, agus í ag caint ar a glúin féin: "Is tomhaltóirí iad na daoine óga. Tá siad eolach ar na saincheisteanna móra atá i dtreis. Is minic a deirtear nach amhlaidh atá ach ní fíor sin," ar sise. "An córas as ar fáisceadh mé, is córas é atá bunaithe ar an bhfás eacnamaíoch síoraí agus ar an mbrabús. Cén chaoi ar féidir linn an córas seo a fhágáil inár ndiaidh gan sinn féin a fhágáil in áit na leathphingine? Dar liom go bhfuil freagra díreach ar an gceist sin: ní foláir an córas a athrú ó bhonn agus tá an próiseas sin tosaithe cheana féin."

Téama a tháinig i gceist i gcaitheamh an lae ar fad ná na difríochtaí idir patrúin tomhaltais na n-óg agus na nglún atá níos sine. Léiríodh i staidéir maidir le hiompraíocht tomhaltóirí a rinne an Coimisiún agus CRÉDOC le déanaí na treochtaí agus dúshláin nua atá romhainn. Cé go bhfuil glúin na mílaoise níos eolaí ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aeráid ná mar atá na glúine níos sine, a bhféachann cuid mhaith díobh sin ar an inbhuanaitheacht mar a bheadh rud nach mbaineann leo, tugann glúin na mílaoise tosaíocht fós féin don phraghas agus don éascaíocht seachas don inbhuanaitheacht. Is cosúil, áfach, gurb í an chumhacht theoranta ceannaigh atá acu is cúis leis sin.

Léiríodh i staidéar eile a rinne CEPS go gcaitheann glúin na mílaoise a gcuid ioncaim ar dhóigh dhifriúil. Is mír mhór chaiteachais í an chumarsáid don aos óg agus féachann siad uirthi mar a bheadh bunriachtanas faoi mar is bunriachtanas acu an bia agus an tithíocht. Tá fón cliste ag 100% den aos óg, nach mór, rud a fhágann a rian ar a nósanna tomhaltais, agus, ina theannta sin, is ar líne a fhaigheann siad cuid mhór dá gceannacháin.

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin nua atá romhainn i dtaca le beartais tomhaltóirí, rinneadh scrúdú i dtrí cheardlann chomhthreomhara ar thrí cinn de na tionscail is tábhachtaí: bia, soghluaisteacht agus éadaí.

Le linn díospóireacht faoi thionchar na meán sóisialta, d’aontaigh na cainteoirí go raibh ról larnach ag na meáin shóisialta i saol an aosa óig agus gur dócha gur mar sin a bheadh feasta. Dar leo go raibh sé ríthábhachtach, dá bharr sin, a thuiscint cé acu ba cheart nó nár cheart rialáil a dhéanamh ar na meáin shóisialta agus conas an rialáil sin a dhéanamh. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag roinnt le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide: ar thaobh amháin, uirlis chumhachtach ar son an daonlathais atá iontu ar féidir leo na milliúin daoine a thabhairt le chéile ach ar an taobh eile is bealach iad chun sonraí príobháideacha a fháil agus chun daoine a spreagadh le breis tomhaltais a dhéanamh trí fhógraíocht spriocdhírithe.

Tá tuarascáil ina leagtar amach príomhthorthaí an lae le fáil anseo. (dm/ss)