Coiscfear ar 800 000 saoránach de chuid an Aontais, a bhfuil meabhairghalar orthu nó atá faoi mhíchumas intleachtúil, a vóta a chaitheamh de thoradh rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm i 16 Bhallstát. Ina theannta sin, léirigh CESE i dtuarascáil dá chuid go gcuirfí na milliúin daoine atá faoi mhíchumas óna vóta a chaitheamh de thoradh bacainní teicniúla ag na stáisiúin vótála, óir ní dhéanann siad freastal cóir ar riachtanais speisialta na ndaoine sin.

Léiríodh sa tuarascáil faisnéise ó CESE dar teideal Fíorchearta vótála daoine faoi mhíchumas sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, a eisíodh i mí an Mhárta, nár éirigh le hoiread agus aon Bhallstát amháin a chinntiú go mbeadh rochtain ag cách ar na toghcháin sin in ainneoin roinnt mhaith ionstraimí ceangailteacha dlí a bheith ann lena gcosnaítear cearta na ndaoine seo san Aontas.

"Cuirtear síos dúinn sa tuarascáil seo ar ghné den Eoraip nach inmholta, rud nach rabhamar ag súil leis ná baol air," arsa Krzysztof Pater, údar na tuarascála, a chuir sé i dtoll a chéile ar bhonn suirbhéanna a rinneadh in imeacht dhá bhliain i mBallstáit uile an Aontais, ach amháin an Ríocht Aontaithe.

I naoi gcinn de Bhallstáit, cailleann daoine a bhfuil meabhairghalar orthu a gcearta vótála go huathoibríoch nuair a cheaptar caomhnóir ina gcomhair. Faoin dlí náisiúnta i seacht gcinn de Bhallstáit, is iad na cúirteanna nó na boird leighis a dhéanann measúnú duine ar dhuine ar chumas daoine a bhfuil meabhairghalar orthu chun vóta a chaitheamh.

I gcás suas le 18 mBallstát, níl aon chaoi ag vótálaithe dalla chun a vóta a chaitheamh go neamhspleách. In ocht gcinn de Bhallstáit, ní féidir le haon duine nach bhfuil ar a chumas go fisiciúil teacht go dtí an stáisiún vótála a vóta a chaitheamh.

Mar sin féin, tá údar dóchais sa tuarascáil óir liostaítear inti 200 sampla de dhea-chleachtais agus réitigh dhearfacha a bailíodh ó na Ballstáit uile. (ll)