Ag a sheisiún iomlánach i mí an Mhárta, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuairim maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach An Eoraip agus an Áise a nascadh – Bunchlocha le haghaidh Straitéis AE, arna heisiúint ag an gCoimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais i Meán Fómhair 2018. Measann CESE gur cailleadh deis iontach leis an teachtaireacht sin, go raibh mórán bearnaí suntasacha straitéise inti, gur bheag uaillmhian a bhí inti agus nár léiríodh aon léargas grinn i dtaca le forbairt caidrimh agus nascachta idir an tAontas agus an Áise  

Creideann CESE nár pléadh príomhcheisteanna eacnamaíocha agus geopholaitiúla inti agus nár tugadh mórán aitheantais d’éagsúlacht leathan nó castacht na hÁise. Thug sé dá aire agus "is ábhar mór imní dó é" 17 réimse ar a laghad nach ndearnadh aon tagairt nó díreach miontagairt dóibh, réimsí ina ndearnadh forbairtí ríthábhachtacha a dhéanann difear don Aontas Eorpach agus don Áise araon.

Ar na bearnaí sin, tugtar dá aire sa tuairim nach bhfuil tagairt dá laghad don tionscnamh Síneach "Crios Amháin agus Bóthar Amháin" (BRI), straitéis forbartha a ghlac rialtas na Síne, rud a fheictear mar chomhartha soiléir gur mhian leis an tSín ról níos mó a imirt ar leibhéal domhanda agus a thionchar a mhéadú. Tá CESE den tuairim nach mór don Aontas Eorpach freagairt fhoirmiúil a thabhairt do thionscnamh BRI.

Is oth le CESE freisin nach bhfuil aon tagairt d’aon idirphlé leis an tsochaí shibhialta atá ann cheana idir an tAontas agus an Áise sa Teachtaireacht, go háirithe comhlachtaí monatóireachta suaitheantais na sochaí sibhialta a cuireadh ar bun faoi na comhaontuithe trádála suntasacha seo. Mar a dúirt Jonathan Peel, an rapóirtéir ar an tuairim, ní dhéanann an toise céanna gach duine, agus ní féidir leis an Áise a bheith ina macasamhail den Eoraip riamh. Deir an rapóirtéir freisin, áfach, "nach mór don Aontas Eorpach níos mó a dhéanamh chun dul i gcionn ar mhuintir na hÁise" agus gur cúis díomá dó gur bheag a bhí le rá faoi chearta daonna, an smacht reachta, dea-rialachas agus daonlathú sa Teachtaireacht. (dgf)