Luca Jahier: Sinne an Eoraip!
A léitheoirí dile,
Táimid ag druidim leis an tráth sin nuair a bheidh aird gach éinne dírithe ar thorthaí thoghcháin na hEorpa.
Uair chinniúnach don Eoraip an lá sin, an 26 Bealtaine. Ríthábhachtach a bheidh rannpháirtíocht na saoránach sa toghchán agus áirím, go mór mór, na daoine óga a thuigeann go bhfuil a dtodhchaí i gcontúirt agus nach dteastaíonn uathu gur duine eile a roghnódh an todhchaí sin ar a son. An sárófar an 42% a tháinig amach chun vóta a chaitheamh in 2014? Má sháraíonn, léiriú atá ann go dtuigimid céard atá idir dhá cheann na meá: beocht agus beatha thionscadal na hEorpa agus an acmhainn atá ann go fóill daoine a mhealladh.
Anois, níos mó ná riamh, tá uair na cinniúna buailte leis an Eoraip, agus an toghchán is tábhachtaí, b’fhéidir, ó bunaíodh an tAontas ar an tairseach againn. Toghcháin Pharlaimint na hEorpa, is iad bun agus barr na todhchaí iad dúinne, muintir na hEorpa!
Is é mar a sheasann cúrsaí, má fhanann duine ina thost, mura labhraíonn duine amach, tá an té sin ag taobhú leo siúd ar mian leo, de thoradh bréagaisnéise, an tAontas Eorpach a scriosadh.
Déanaimis beart le chéile i gcoinne bhaol an phobalachais, an amhrais, an choimhthís, an diúltaithe agus an ainchis. Nuair a théann muintir na hEorpa chuig an mbothán vótála, sin an uair a fheictear arís fréamhacha an daonlathais. Níl an dara rogha againn ach vótáil. Iadsan a thoghfar do théarma oifige 5 bliana i bParlaimint na hEorpa, is iadsan a dhéanfaidh an daonlathas sin a bhí gar do chroí na bhfealsúnaithe agus na smaointeoirí móra a fhaire.
Le 61 bhliain anuas, tá an Eoraip ag déanamh dul chun cinn diaidh ar ndiaidh. Ar ndóigh, bhí uirthi déileáil le géarchéimeanna: géarchéimeanna an limistéir euro, na himirce, Brexit, agus níos measa fós, an easpa muiníne atá ag pobal na hEorpa aisti. Mar sin féin, ainneoin na ndeacrachtaí sin, d’éirigh leis an Eoraip méadú agus tionscadail nua a chur chun cinn. Cad í an Eoraip sin a mheallann daoine? Sin an Eoraip a chosnaíonn, a sheasann lenár luachanna, a throideann ar son na haeráide, a chuireann fáilte roimh imircigh. Tá an iliomad géarchéimeanna curtha di ag an Eoraip, ach éiríonn léi teacht ar ais níos láidre arís agus arís eile, ar nós féinics a éiríonn ó na mairbh.
Iarraim ar chomhaltaí uile CESE – gníomhaithe na sochaí sibhialta – dul i mbun gnímh chun daoine a spreagadh páirt a ghlacadh san fheachtas toghcháin trí labhairt leo siúd uile a mhúnlaíonn dearcadh an phobail. Is féidir leas a bhaint as na modhanna cumarsáide go léir atá againn: tuairimí, idirphlé, cainteanna laistigh dár gcuid eagraíochtaí, an láithreacht atá againn sna réigiúin, ár gceantair áitiúla, éisteacht a thabhairt dóibh siúd atá amhrasach, dóibh siúd nach gcreideann in Aontas láidir aontaithe atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht.
Bíodh an mhuinín againn labhairt amach agus a rá gurb í an Eoraip an baile againn. Níor chóir aon drogall a bheith orainn a thabhairt le fios cé chomh diongbháilte agus a chreidimid sa chomhthionscadal seo. Seasaimis an fód in aghaidh na géilliúlachta, in aghaidh an aineolais, in aghaidh an fhuatha. Is í an fhuarchúis, an neamhshuim an baol is mó don Eoraip. Mura gcaithfimid vóta, is duine eile a dhéanfaidh cinneadh ar ár son.
Bímis dána agus cróga. Labhraímis de ghlór ard. Tá críonnacht agus fuinneamh na hóige dár dtreorú. Bíodh ár n-intinn géar os gcomhair ár gcéilí comhraic agus bíodh argóintí maithe againn i bhfabhar Eoraip a spreagann an tsamhlaíocht.
Luca Jahier,
Uachtarán CESE
Read less