Agallamh le Giuseppe Guerini

A Chomhairleoir Guerini, conas tá ag éirí leat le linn an drochshaoil seo?

Braithim go bhfuil brú an-mhór orm de thoradh teannas oibre, ar bhonn pearsanta agus ar leibhéal na mothúchán. Tá cónaí orm in Bergamo, an ceantar is mó atá buailte ag an eipidéim san Iodáil, agus tá néal anuas orainn i ngeall ar a bhfuil fulaingthe ag daoine, gan trácht ar a bhfuil de dhaoine básaithe san áit, rud a fhágann buairt sheasta orainn agus sinn ag titim i ndímrí de shíor. Is aithnid dúinn uile cara, comhghleacaí nó duine dár lucht aitheantais a buaileadh; ní hamháin daoine a fuair bás den choróinvíreas ach daoine eile freisin atá thíos leis agus iad ag streachailt leo sna haonaid dianchúraim.

 

Mar uachtarán ar chomhlachas comharchumann, cén modh oibre a bhíonn agat agus tú i mbrollach an chatha, mar a déarfá?

Ó thaobh an róil atá agam féin, is éard is cúram domsa aghaidh a thabhairt ar an iliomad éigeandálaí a bhfuil na comharchumainn atá faoi mo chúram ag plé leo ón 23 Feabhra seo caite i leith. B’in an uair a thuigeamar go raibh an víreas ag leathadh leis agus bhí orainn cinntí a dhéanamh, tráth a bhí éiginnteacht mhór ann, faoin gcineál cur chuige ab fhearr a d’oirfeadh don iliomad seirbhísí a bhainistímid. Fostaíonn ár gcomharchumainn in Bergamo os cionn 9,000 duine atá ag saothrú i seirbhísí sóisialta agus sláinte agus bainistíonn siad seirbhísí cúraim agus cúram baile, fara ionaid chónaithe agus lae do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Shocraíomar cuid díobh sin a dhúnadh, ach ansin chuir na húdaráis áitiúla bagairt orainn óir ba éard a bhí uathu ná go leanfaí de na seirbhísí a chur ar fáil. Bhíomar faoi theannas mór an uair sin. Le linn na laethanta agus na seachtainí ina dhiaidh sin tháinig méadú de shíor ar an teannas agus ar an bhfaitíos: bhí luas mire fúinn ag iarraidh feistí cosanta a fháil dár n-oibrithe, agus bhí imní orainn ag iarraidh leanúnachas seirbhísí cúraim agus cúnaimh áirithe a ráthú. Ba mhóide an imní sin mar bhí ganntanas acmhainní agus uirlisí ann, gan trácht ar an eagla a bhí orainn go mb’fhéidir go mbuailfí oibrithe agus úsáideoirí ár seirbhísí breoite. Ar an drochuair, tháinig an tuar faoin tairngreacht sin, go háirithe i gcás tithe cónaithe do dhaoine scothaosta. 

 

Mar sin, ar lean na comharchumainn de bheith ag feidhmiú, nó ar cuireadh iallach ar chuid díobh a gcuid gníomhaíochtaí a chur ar fionraí?

Déanta na fírinne, sa bhreis ar bheith ag troid ar an bhfronta a luaigh mé thuas, b’éigean dúinn aghaidh a thabhairt ar fhadhb eile freisin, is é sin na gníomhaíochtaí go léir nár mhór a stopadh de réir a chéile: thosaíomar leis na scoileanna agus le gníomhaíochtaí oideachais, agus ansin i ndiaidh a chéile b’éigean dúinn earnálacha eile a dhúnadh. Dá bhrí sin, is amhlaidh atá níos mó ná 180 comharchumann ann a raibh orthu “líonta sábháilteachta sóisialta” a ghníomhachtú chun an ghoimh a mhaolú do thart ar 2,500 duine agus tá baol mór ann ina gcás siúd nach mbeidh mórán díobh in ann tosú i mbun gnó athuair: tá buille tubaisteach buailte ag an ngéarchéim ar earnálacha na turasóireachta agus an chultúir. Is é an dála céanna é freisin ag na comharchumainn a bhíonn ag plé le claochlú táirgí talmhaíochta agus táirgí déantúsaíochta. Mar uachtarán ar chomhlachas comharchumann, mar sin, ní foláir dom freastal ar thaobh amháin ar na daoine sin atá i bponc toisc ualach oibre ollmhór a bheith orthu in earnáil an chúnaimh agus na seirbhísí riachtanacha, agus atá i mbaol mór an galar a thógáil, agus ar an taobh eile ní foláir dom freastal orthu sin atá lán d’eagla agus faoi theannas de dheasca iad a bheith as obair.

 

Sa fhreagairt uaibh ar ghéarchéim an choróinvíris, cad iad na gnéithe di ar éirigh leo?

Ba éard a d’oibrigh, inár gcás ar aon chuma, ná an spiorad mór dlúthpháirtíochta agus an cumas láidir chun dul i mbun gnímh atá ag pobail áitiúla, ag cumainn dheonacha agus ag na heagraíochtaí sóisialta éagsúla, ar éirigh leo éachtaí a dhéanamh i dtaca le síntiúis a bhailiú agus i dtaca le gníomhaíochtaí a dhéanamh ar an láthair. B’iontach mar a léirigh na hoibrithe sóisialta agus sláinte neamhleithleasacht. Chinntigh siad – dochtúirí agus altraí mar aon le líon mór oideoirí agus cúramóirí freisin – go mbeadh fáil ar sheirbhísí agus rinne siad amhlaidh bíodh is go raibh riosca mór ann dóibh féin. Agus ansin tharla an slógadh ginearálta. Laistigh de 10 lá i gcathair Bergamo (tharla a leithéid chéanna i gcathracha eile freisin) cuireadh ospidéil mhachaire ar bun i bpubaill aontaí; gan mórshlua oibrithe deonacha a tháinig chugainn agus a d’oibrigh de ló is d’oíche gan oiread is pingin chúitimh a lorg, ní éireodh linn sin a dhéanamh. Is dochtúirí agus altraí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ina mbun den chuid is mó, agus d’éirigh linn iad a mhaoiniú le síntiúis a cuireadh chugainn. In Bergamo, rith linn freisin, laistigh de chúpla lá, trí óstán ina bhfuil níos mó ná 300 leaba a réiteach agus a chur ar fáil d’othair a scaoileadh amach as an ospidéal a luaithe a bhí bail sheasmhach orthu ionas gurbh fhéidir leapacha a chur ar fáil go grod sna hotharlanna. Sna hóstáin seo, is iad ár gcomharchumainn shóisialta a chinntíonn an cúram a dhéantar de na hothair. Bhí tréaniarracht ag teastáil chuige sin ach ba thábhachtach an ní an tseirbhís sin a chur ar fáil.

 

Cad iad na gnéithe nár éirigh leo sa fhreagairt uaibh?

Thar aon rud eile, tharla mífheidhmiú ar na leibhéil institiúideacha, óir níor éirigh leo cinntí tráthúla soiléire a dhéanamh agus níor éirigh leo ach oiread pleanáil ná gníomhú le linn na héigeandála le haontacht cuspóra: ina ionad sin, is é a tharla ná go ndearnadh cinntí contrártha idir na córais riaracháin stáit áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta. Ina theannta sin, tá cuid den locht ar an rómhaorlathas mar ba é ba rogha leis a réimse cumhachta féin a dhearbhú agus é féin a chosaint; in ionad a fhreagrachtaí a chomhlíonadh, freagrachtaí a fágadh faoi na hoibreoirí in go leor cásanna. Ar shlí eile, tharla sin ar fud an bhaill, ní hamháin san Iodáil agus in Bergamo, ach i mbeagnach gach tír in iarthar an domhain. 

 

Cén míniú a bheadh agat ar an gcineál sin cur chuige ar na leibhéil éagsúla riaracháin sin?

Sílim nár thógamar ceann ceart dá raibh ag tarlú sa tSín, amhail is gur cheapamar, sinne in iarthar an domhain, gurbh fhearr as sinn, ar chuma éigin, toisc go bhfuil ardchóras sláinte againn, sárchórais teicneolaíochta agus ospidéil an-nua-aimseartha. Amhail is gur cheap an iomarca ceannairí, chomh maith le feidhmeannaigh cuideachtaí agus saoránaigh freisin, go ndéanfadh stíl bheatha an Iarthair sinn a chosaint agus rinne siad talamh slán de go mbeimis in ann brath ar ospidéil agus saoráidí sláinte ar ardchaighdeán. Sna laethanta tosaigh, nuair a bhris an eipidéim amach sa Lombaird, rinneadh ceap magaidh díobh siúd a thóg an gháir. B’fhéidir gurb é an frása is mó a thugann léargas ar an gcaoi ar mheasamar, in iarthar an domhain, a bheith chun tosaigh ar dhreamanna eile ná an ráiteas cáiliúil sin a rinne uachtarán réigiúnach de chuid na hIodáile nuair a mhaígh sé “gur beag an bhuairt a chuireann an sláinteachas pearsanta ar mhuintir na Síne agus gur nós leo lucha beo a ithe”. Tuairim is ea í sin a fhaightear go rómhinic i ngach ceann de na haicmí sóisialta san Iarthar. Go dtí cúpla lá ó shin bhí an dearcadh sin le sonrú i measc ceannairí polaitiúla eile san Eoraip agus ar fud an domhain, bíodh is nach ionann foirm de i gcónaí. Go deimhin, is léir anois go bhfuil ospidéil, a sholáthraíonn seirbhísí sláinte iontacha agus nuálacha amhail cineálacha éagsúla trasphlandaithe orgán agus ardteiripí ailse, is léir go bhfuil siad an-leochaileach i ndáiríre agus go bhfuil siad i mbéal cliseadh i ngeall ar an eipidéim víreasach seo. B’fhearr a d’fhéadfaí an eipidéim sin a choinneáil faoi smacht ach na hospidéil a choinneáil glan air, a mhéid is féidir. In Bergamo, ar a laghad, tharla sé, dá n-ainneoin féin, gur ionad scaipthe na heipidéime a bhí sna hospidéil. 

 

Cad déarfá leis na bearta a glacadh ar leibhéal na hEorpa?

Táimse ar dhuine díobh sin a chreideann go ndearna an tAontas Eorpach agus a chuid institiúidí go leor le linn na tréimhse seo, in ainneoin deacrachtaí agus rialacha contrártha is eol do chách faoi seo a bheith le sárú acu: ó shásraí casta cinnteoireachta go dtí an cás ina bhfuil gach Ballstát ag tochras rómhór ar a cheirtlín féin. Feictear dom go raibh an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa in ann cinntí tábhachtacha a dhéanamh laistigh de mhí agus go bhfuil bearta eacnamaíocha á gcur i bhfeidhm acu nár glacadh riamh cheana. Is léir anois, i bhfianaise a thábhachtaí atá an geilleagar agus a thábhachtaí a bheidh ról na mbeart eacnamaíoch a chuirfear i bhfeidhm, chun dul i ngleic leis an éigeandáil nó chun iarracht a dhéanamh cúrsaí gnó a athmhúscailt a luaithe a thráfaidh an éigeandáil, gurb éard atá fós ar iarraidh san Eoraip ná an deis idirghabháil a dhéanamh le huirlisí, acmhainní agus cumhachtaí in earnálacha eile seachas iad sin a bhaineann le rialáil margaidh agus eacnamaíoch amháin. 

 

An bhfuil gá againn, mar sin, le hEoraip níos aontaithe?

Is léir go dteastaíonn an Eoraip uainn anois níos mó ná riamh. Dealraím an cás againn le cás othair a fuair amach tráth go raibh sé thar a bheith tinn agus nach bhféadfadh aon duine cabhrú leis go díreach cé is moite d’airgead a thabhairt dó nó é a fhágáil faoin othar féin dul chun an ospidéil, agus nach bhféadfadh aon duine aire a thabhairt dó ná é a chosaint ar bhealach ar bith. Tá a fhios againn go léir, i ndáiríre, go bhfuil an t-airgead ríthábhachtach i dtreo is gur féidir leat cóir leighis a fháil, ach má thugtar airgead duit agus tú amuigh san fhásach, is cinnte nach féidir leat tú féin a leigheas le cabhair an airgid sin. Creidim gurb é an ceacht atá le foghlaim againn de thoradh na géarchéime ollmhóire seo a thionscain an eipidéim ná má theastaíonn uainn dáiríre Aontas Eorpach a bheith againn go gcaithfimid a bheith sásta i bhfad Éireann níos mó a chur i gcrích seachas an margadh aonair agus an t-aontas baincéireachta agus airgeadaíochta, agus ár ndícheall a dhéanamh chun Aontas de Stáit a chur ar bun a bheidh dírithe ar bheartais pholaitíochta chomhordaithe agus aontaithe don Eoraip trí chéile.


Conas is féidir linn go léir ár gcion féin a dhéanamh agus cén cineál cabhrach a theastaíonn?

Is féidir linn infheistíocht a dhéanamh i gcónaí chun an bharrshamhail atá againn d’Eoraip aontaithe a chur i gcrích, chun cultúr na dlúthpháirtíochta agus an chomhtháthaithe a chur chun cinn i gcónaí, agus chun cur i gcoinne an leithleachais agus cúinge meoin, toisc gur léire ná riamh nach rithfidh le haon duine é féin a shábháil gan chabhair agus nach bhfuil de rogha ann ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhroinnt fhrithpháirteach i measc an chine dhaonna agus ar fud na hEorpa ach go dtitfimis faoi tháir agus faoi éadóchas go tine ifrinn de chogaí nua. 


Ar mhothaigh tú gur léiríodh spiorad na dlúthpháirtíochta i leith na hIodáile?

Mhothaíomar go leor dlúthpháirtíochta ó na líonraí caidrimh shóisialta, mar shampla ó eagraíochtaí an gheilleagair shóisialta, agus chuir cairde agus institiúidí in go leor tíortha teachtaireachtaí tábhachtacha dáimhe agus tacaíochta chugainn. Fuair mé teachtaireachtaí luachmhara tacaíochta freisin ó chomhghleacaithe in CESE. Is mór an trua é, áfach, tuairimí diúltacha a chloisteáil i mbéal polaiteoirí ó stáit éagsúla san Eoraip: chrom siad láithreach bonn ar an Iodáil a cháineadh agus iad ag iarraidh beartais leithleacha agus dhúra dá gcuid féin a chur chun cinn, agus bhí tuairim dhiúltach acu freisin faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas Eorpach. Ar an drochuair, ba é an dála céanna ag cuid de na polaiteoirí san Iodáil é agus fonn rómhór orthu an ghéarchéim a cháineadh nó a chur chun sochair dóibh féin d’fhonn spriocanna polaitiúla dá gcuid féin a bhaint amach agus chun tacaíocht a fháil go héasca agus go réidh ó phobal na hIodáile a bhí scanraithe agus trína chéile. Déarfainn sa chás seo, mar sin, go bhfuil an dlúthpháirtíocht le sonrú san Eoraip agus pobal acmhainneach daoine inti atá i gcumas dul chun cinn a dhéanamh as a stuaim féin agus nithe dearfacha a thógáil agus go bhfuil, ar an taobh eile, súmairí agus fir faille ann atá ag iarraidh, i dtráthanna géarchéime agus cogaidh, rud éigin a fháil a rachaidh chun a leasa féin. (mp)