An 6 Aibreán, an lá roimh chruinniú an Ghrúpa Euro an 7 Aibreán, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ráiteas inar iarradh dlúthpháirtíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo idir na Ballstáit agus iarradh freagairtí gasta agus práinneacha ar phaindéim COVID-19. Agus é ag caint le Ballstáit de phobal atá ar an aon chonair amháin, leag CESE béim ar an ngéarghá atá le gníomhaíocht chomhpháirteach i bhfianaise dhúshláin na géarchéime atá ann faoi láthair, mar atá, an tsláinte phoiblí agus a hiarmhairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta. Measann comhaltaí CESE gur féidir féachaint ar an bpaindéim seo mar thástáil dlúthpháirtíochta ar leibhéal polaitiúil, airgeadais, sóisialta agus eolaíochta don Aontas Eorpach. I ré seo na móréiginnteachta, is trí phlean téarnaimh cuimsitheach Eorpach agus tríd sin amháin a bheidh an tAontas Eorpach in ann geilleagar Eorpach níos inbhuanaithe agus níos athléimní a thógáil.

An Ráiteas ina iomláine a léamh: https://www.eesc.europa.eu/fr/news-media/presentations/la-reponse-de-lu…