Le Grúpa na nOibrithe in CESE

De réir mar a théann géarchéim COVID-19 in olcas ar fud na hEorpa, tá an-imní ag teacht ar Ghrúpa na nOibrithe in CESE faoi ionsaithe atá á ndéanamh ar an gcómhargáil agus ar chearta oibrithe i mBallstáit áirithe. Is cúis mhór imní dúinn go háirithe a bhfuil ar siúl sa Pholainn, áit a bhfuil reachtaíocht éigeandála á moladh ag an rialtas chun déileáil le COVID-19, reachtaíocht lena sárófar neamhspleáchas na Comhairle um Idirphlé Sóisialta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta.

Ina theannta sin, d’ainneoin an chomhaontaithe a rinne rialtas na hIodáile agus comhpháirtithe sóisialta na tíre sin le chéile go gcinnfí trí chómhargáil na sochair dhífhostaíochta d’oibrithe nach bhfuil in ann oibriú le linn géarchéim COVID-19, is eol do Ghrúpa na nOibrithe go bhfuil iarrtha ag polaiteoirí Iodálacha atá i bhfad amach ar an eite dheis cómhargáil den sórt sin a chur ar fionraí.

San Ungáir, rinneadh athruithe ar dhlí an tsaothair a chuireann cearta oibrithe i mbaol agus is amhlaidh a rinneadh sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis na comhpháirtithe sóisialta. Ina theannta sin, agus an phaindéim á cur aige chun deise dó féin, chinntigh Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban go dtabharfaí cumhachtaí éigeandála dó a théann i bhfad níos faide ná na reachtanna éigeandála a ritheadh i dtíortha eile an Aontais, rud a chuireann an smacht reachta agus cearta bunúsacha i mbaol. Níl aon teorainn ama leis na cumhachtaí éigeandála seo, agus ligfidh siad dó ionchúiseamh a dhéanamh ar aon duine a scaipeann faisnéis bhréagach, iriseoirí san áireamh.

Tá féachaint chrua á cur orainn faoi láthair agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le paindéim COVID-19. Cé go n-aithníonn Grúpa na nOibrithe go bhféadfadh sé go mbeadh ar rialtais bearta éigeandála a ghlacadh chun déileáil le hiarmhairtí na paindéime, leagann sé béim san am céanna ar an ngá atá ann go n-urramóidh na rialtais uile cearta an duine agus cearta bunúsacha, ar a n-áirítear cearta oibrithe agus cearta na gceardchumann. Is tráth dlúthpháirtíochta é seo agus is mithid dúinn cur le chéile. Seo an t-aon bhealach le bua a fháil ar phaindéim COVID-19. (secWGroup)