De dheasca ráig COVID-19, b’éigean imeacht ‘Leatsa an Eoraip, Abair Leat!’ (YEYS), a bhí le bheith ar siúl Déardaoin, an 19 Márta agus Dé hAoine, an 20 Márta, a chur ar ceal. Rinneadh an cinneadh seo ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach duine, ar príomhthosaíocht de chuid CESE é sin i bhfianaise na paindéime reatha. Tá roghanna malartacha éagsúla do 2021 faoi chaibidil ag an bhfoireann eagrúcháin, cé nach ndearnadh aon chinneadh deiridh go fóill.

In ainneoin gur cuireadh an t-imeacht ar ceal, iarradh ar na scoileanna rannpháirteacha físeán aon nóiméad amháin a sheoladh isteach maidir lena smaointe faoin gcaoi ar féidir dul i ngleic leis an athrú aeráide. Rinne gach toscaireacht ó na meánscoileanna rannpháirteacha na físeáin a rangú agus beidh deis ag aon dalta amháin ó gach ceann den dá thoscaireacht is mó a bhain vótaí páirt a ghlacadh sa Chruinniú Eorpach um an Óige (EYE), imeacht de chuid Pharlaimint na hEorpa, a thionólfar san fhómhar.

Is é an scoil a fuair an méid is mó vótaí ná Gimnazija "Svetozar Marković", ó Novi Sad na Seirbia, a mhol gás láithreáin líonta a úsáid chun fuinneamh a tháirgeadh agus, ar an gcaoi sin, dramhaíl a chlaochlú go hacmhainní.

Tháinig Freiherr-vom-Stein-Gymnasium ó Lünen na Gearmáine sa dara háit ó thaobh líon na vótaí de. Chuir na daltaí Gearmánacha a dtogra “Our Climate, Our Future truck” ar aghaidh, lena n-úsáidtear trucail bhia chun bia a tháirgeadh trí leas a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus lena n-ardaítear feasacht faoin athrú aeráide. (dgf)