Dearcadh na Cosmhuintire - Podchraoladh speisialta - Uair na Cinniúna: Streachailt na hEorpa leis an gcoróinvíreas

An bhfuil an tAontas Eorpach inchurtha leis an dúshlán atá curtha ag COVID-19 faoi? An féidir le daoine a bheith ag dréim le cabhair ón Aontas chun an stoirm seo a chur díobh, nó an bhfágfar faoi dhíomá iad cheal cabhrach mar a tharla i gcás an dá ghéarchéim mhóra eile a thit amach sa chéad seo cheana? De réir mar atá an ráig ag leathadh ar fud na hEorpa, agus tráth atá líon mór daoine ag fáil bháis dá deasca agus damáiste suntasach á dhéanamh do gheilleagair na mór-roinne, breathnaíonn Uachtarán CESE, Luca Jahier, ar fhreagairt an Aontais go dtí seo, agus leagann béim ar ghníomhartha misniúla atá á ndéanamh inniu ba their le rialtais a dhéanamh tamall gearr ó shin. Ach ní mór dúinn iarracht ar leith a dhéanamh, dar leis, agus cúrsa a leagan amach a d’fhéadfadh cabhrú le ceannairí Eorpacha teacht ar chomhthuiscint. (ll)