
«An Eoraip ina húdar inspioráide»
A chairde,
Ar feadh dhá lá, ar an 21 agus ar an 22 Márta, bhí caint bhríomhar agus gáire le cloisteáil ó 102 dhalta idir 16 agus 18 mbliana d’aois ó na 28 mBallstát agus ó na cúig thír is iarrthóirí i bpasáistí agus seomraí fhoirgneamh Jacques Delors. Má bhí siad faiteach ó am go chéile bhí siad fiosrach thar aon ní eile, agus iad ag fiafraí díobh féin: Cad chuige an turas seo?, “An bhféadfainnse teacht ar réiteach na bhfadhbanna sin a chuaigh de na daoine fásta a réiteach, cuir i gcás, “Conas daoine a spreagadh chun a vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha?”.