Tá géarghá le comhaontú nua maidir le himirce ar leibhéal na hEorpa agus, chuige sin, tá CESE réidh chun tacú leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an gCoimisiún cheana féin. Ag labhairt dó sa Bhruiséil an 3 Márta 2020, chuir Uachtarán CESE, Luca Jahier, in iúl go soiléir go raibh an imirce ina tosaíocht ag CESE, rud is léir ón méid oibre atá déanta ag an gCoiste sa réimse sin le blianta fada anuas. “Ní mór don Aontas Eorpach gníomhú láithreach chun comhaontú nua imirce agus tearmainn a tharraingt suas, agus oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun imircigh a lánpháirtiú sa tsochaí. Tá gá againn le nós imeachta tearmainn a bheadh i gcoiteann dáiríre ag na Ballstáit agus a bheadh iontaofa, solúbtha agus éifeachtach,” a dúirt sé.
An lá céanna, le linn díospóireacht a d’eagraigh an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) in CESE, tharraing Ylva Johansson, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, aird ar an obair atá ar siúl faoi láthair ag an gCoimisiún i réimse na himirce agus an tearmainn agus ar an rún atá aige cur athuair le beartas an Aontais trí chomhaontú nua a tharraingt suas. “Tá comhaontú nua maidir le himirce agus tearmainn ag teastáil” a dúirt sí, “ar an gcéad dul síos, mar go bhfuil na daoine is leochailí sa tsochaí ag brath ar a leithéid agus, ar an dara dul síos, mar gur chun leasa ár ngeilleagair agus ár sochaí an imirce dhleathach: ní mór dár gcórais leasa shóisialta a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma agus tá gá ag ár ngnólachtaí le daoine oilte”.
Ina dhiaidh sin, dhírigh sí a cuid cainte ar a thábhachtaí atá sé cur leis an iontaoibh agus na difríochtaí idir na Ballstáit a shárú, le go bhféadfadh na rialtais náisiúnta teacht ar réiteach comónta chun dul chun cinn a dhéanamh. “Ní mór dúinn a bheith soiléir faoi nach rud ar bith as an ngnách atá san imirce. Gach bliain, tagann idir 2 mhilliún agus 2.5 milliún duine isteach san Aontas Eorpach: 140,000 díobh sin (5 % den iomlán), is daoine iad a sháraigh na rialacha imirce. Is é a chiallaíonn sin go bhfuil 95 % de na daoine a thagann isteach san Aontas á dhéanamh sin de réir an dlí, ar shlí inar féidir súil a choinneáil ar an bpróiseas agus é a bhainistiú go cuí,” a d’áitigh sí. (mp)