Na meáin shóisialta a rialáil, litearthacht sna meáin a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt don iriseoireacht neamhspleách ar ardchaighdeán - dar le CESE, is iad sin cuid de na réamhriachtanais is tábhachtaí chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus chun daonlathas an Aontais a chosaint.

Thionóil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) éisteacht phoiblí chun iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag feachtais dírithe ar bhorradh a chur faoi líon na ndaoine a chaith vóta sna toghcháin Eorpacha dheireanacha agus chun anailís a dhéanamh ar na deiseanna atá ann le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, chomh maith lena chinntiú go mbeidh an pobal níos rannpháirtí i gcinnteoireacht pholaitiúil san Aontas le linn an chéad timthrialla institiúide cúig bliana eile.

Le linn na héisteachta, léiríodh go raibh méadú tagtha ar an dúrud bréagnuachta a chuirtear os comhair na nEorpach, mar aon le hiriseoireacht ar dhroch-chaighdeán a chuireann béim ar an ngáifeachas seachas ar an tuairisceoireacht neamhchlaonta, agus ar ábhar ar na meáin shóisialta a ndearnadh scagadh air chun é a chur in oiriúint do leasanna éagsúla tráchtála nó polaitiúla.

Tionóladh an éisteacht chun ionchur a bhailiú don tústuairim ó CESE maidir leis an tionchar atá ag feachtais dírithe ar chur leis an rannpháirtíocht sa chinnteoireacht pholaitiúil, a bhfuil Marina Škrabalo ina rapóirtéir uirthi.

Sa bhreis ar na hionadaithe ó na hinstitiúidí Eorpacha agus ó Uachtaránacht na Cróite ar an Aontas, tugadh le chéile ag an éisteacht oifigigh shinsearacha ón gCónaidhm Eorpach Iriseoirí (EFJ), ó Thascfhórsa East StratCom na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, ón eagraíocht “EU DisinfoLab”, ón eagraíocht “Carnegie Europe” agus ón ngrúpa abhcóideachta “European Digital Rights” [Cearta Digiteacha Eorpacha] (EDRi).

Cuirfear an tuairim ó CESE i láthair ag seisiún iomlánach CESE i mí an Mhárta. (ll)