Reáchtáil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa comhdháil ardleibhéil inar thug sé le chéile na príomhghníomhaithe maidir leis an mbeartas míchumais chun straitéis nua an Aontais sa réimse a phlé, straitéis atá á ceapadh agus a bhfuiltear ag súil go mbeidh éifeacht mhór aici ar na milliúin saoránach den Aontas atá faoi mhíchumas i ngach réimse den saol sna deich mbliana atá romhainn.

Is éard is aidhm don chomhdháil ar Chlár Oibre an Aontais Eorpaigh um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a Mhúnlú ná moltaí agus tograí CESE le haghaidh na straitéise nua a chur i láthair, agus ina theannta sin ardán a sholáthar don mhalartú tuairimí agus don ionchur a bheidh mar chuid de na dianchomhairliúcháin a chuideoidh leis an gCoimisiún Eorpach agus an straitéis á hullmhú agus bailchríoch á chur uirthi i dtús na bliana 2021.

I bhfianaise an Choimisiúin nua agus na Parlaiminte nua agus na clárthréimhse buiséid nua, níl am níos fearr ann ná an t-am seo chun straitéis nua a mhúnlú do dhaoine faoi mhíchumas. Dúirt Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid, agus í ag cur tús leis an gcomhdháil, gurbh é an Coiste, leis an tuairim sin uaidh, an chéad institiúid a ghlac páirt sa díospóireacht a thionscain an Coimisiún ar an ábhar sin.

Dúirt Yannis Vardakastanis, an rapóirtéir don tuairim ó CESE, atá ina Uachtarán ar an bhFóram Eorpach maidir le Míchumas freisin, gur cheart go mbeadh an clár oibre nua i bhfad níos cuimsithí agus i bhfad níos uaillmhianaí ná an clár oibre reatha.

D’iarr CESE go mbeadh an straitéis nua i gcomhréir iomlán le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart cur chun feidhme iomlán a chinntiú trí bhrú a chur ar na Ballstáit, tríd an Seimeastar Eorpach, a gcuid straitéisí féin um míchumas a fhorbairt.

Chuir an tUasal Vardakastanis i bhfáth a thábhachtaí atá sé guth a thabhairt d’eagraíochtaí míchumais a mhéid a bhaineann le beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme faoin gclár oibre um chearta daoine faoi mhíchumas.

Dúirt Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas, go mbunódh an Coimisiún an clár oibre nua ar thorthaí na meastóireachta leanúnaí ar an straitéis reatha, rud a bhainfeadh níos mó cothroime amach do shaoránaigh faoi mhíchumas ina saol laethúil.

Tá coinne ag an gCoimisiún go mbeidh meastóireacht ar an straitéis reatha críochnaithe faoi mhí Iúil 2020 agus, ar bhonn an dréachtchláir oibre, tá coinne aige comhairliúcháin fhoirmiúla maidir leis an straitéis nua a reáchtáil ansin, rud atá le déanamh ag an gCoimisiún i gcomhar le hinstitiúidí agus páirtithe eile. Nuair a bheidh an t-aiseolas ar fad bailithe, eiseoidh sé an Teachtaireacht maidir leis an straitéis nua um míchumas laistigh de na chéad trí mhí de 2021. (ll)