Comhaontú Airgid don Eoraip: ba cheart don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit cúram fadtéarmach ar ardcháilíocht a chinntiú

Fuarthas amach i dtuarascáil ó CESE go bhfuil an staid in earnáil an chúraim baile neamh-inbhuanaithe, go bhfuil dálaí oibre na gcúramóirí an-ghar don dúshaothrú iomlán agus go bhfuil sé crua ar dhaoine faoi chúram teacht ar chúram atá inacmhainne agus ar ardcháilíocht. Tháinig an scéal seo chun solais mar gheall ar an easpa tacaíochta stáit atá ann do thionscail an chúraim agus is faillí pholaitiúil is cúis leis sin.

D’fhoilsigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tuarascáil ar obair cúraim baile san Aontas Eorpach amach anseo, ina dtugtar le fios a phráinní atá an gá le rannpháirtíocht stáit níos láidre agus le gníomhaíocht éifeachtach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun staid neamhbhuan na gcúramóirí agus na ndaoine faoi chúram a thabhairt chun rialtachta san earnáil seo atá ag dul ó neart go neart.

Agus méadú ag teacht i gcónaí ar an éileamh ar obair cúraim baile fhadtéarmaigh de dheasca an athraithe dhéimeagrafaigh, daonra na hEorpa ag dul in aois agus riachtanais sláinte ainsealacha atá ag méadú, deirtear sa tuarascáil nach amháin go mbeidh ar an stát infheistíocht mhór a dhéanamh go gairid sa gheilleagar cúraim chun é a fhóirdheonú, ach beidh ról ríthábhachtach aige i rialáil agus proifisiúnú na hoibre cúraim.

Sa tuarascáil sin, sainaithníodh cúramóirí baile mar oibrithe atá fostaithe chun seirbhísí cúraim a chur ar fáil do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i dtithe príobháideacha mar dhaoine faoi chúram. Déantar achoimre inti freisin ar na cuairteanna a tugadh ar an Ríocht Aontaithe, ar an nGearmáin, ar an Iodáil agus ar an bPolainn, a roghnaíodh mar gheall go bhfuil siad ina dtíortha tionscnaimh agus ina dtíortha cinn scríbe d’oibrithe cúraim baile atá lonnaithe ar fud an Aontais.

Na cuairteanna a tugadh ar thíortha agus an tuarascáil sin a foilsíodh, is cuid iad sin den obair a lean an tuairim a d’fhoilsigh CESE in 2016 maidir le “Cearta na n-oibrithe cúraim baile”, arb é an chéad doiciméad beartais ar leibhéal an Aontais a thug aghaidh ar dhálaí oibre na n-oibrithe sin.

“Na daoine ar labhraíomar leo – bíodh siad ina n-ionadaithe ar oibrithe, fostóirí nó daoine faoi chúram – rinne na daoine sin an cáineadh céanna ar chuid mhór de na fadhbanna struchtúracha a bhaineann leis an obair cúraim baile. Ba é an cáineadh is mó a rinne siad ar an obair cúraim baile ná go bhfeidhmíonn sí trí leas a bhaint as mná imirceacha agus mná taistil agus ní hamháin go bhfuil sé sin mí-eiticiúil agus náireach, ach tá sé neamh-inbhuanaithe freisin,” a dúirt comhalta de chuid CESE, an Dr Adam Rogalewski, a scríobh an tuarascáil i gcomhar leis an taighdeoir ó Cambridge, Karol Florek.

Tá an tuarascáil le fáil ina hiomláine anseo. (ll)