Ní mór don Aontas Eorpach buanrochtain ar amhábhair a chinntiú a luaithe is féidir chun tionscal láidir ceallraí a fhorbairt d’fheithiclí leictreacha. Thug an Rannóg um Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise (TEN) an foláireamh sin le linn díospóireachta sa Bhruiséil an 5 Feabhra 2020.

Is í an leictrea-shoghluaisteacht, gan aon astaíochtaí CO₂, ar bhonn coitianta an chéad chéim eile san athrú go hiompar inbhuanaithe agus aeráidneodracht. Gan fáil leanúnach a bheith ar na hamhábhair a bhíonn i gceallraí, áfach, ní éireoidh leis an Eoraip athrú ó bhreoslaí iontaise agus dul i muinín an iompair leictrithe.

Tá sé tugtha le fios ag Colin Lustenhouwer, rapóirtéir na tuairime maidir le ceallraí a d’fhoilsigh CESE anuraidh, go bhfuil géarghá cur leis an bhfeasacht ar na bearta práinneacha atá de dhíth. Seo mar a labhair sé: “Ní mór dúinn beart a dhéanamh láithreach. Is dúshlán seasta dúinn é fáil a bheith againn ar amhábhair i réimse nach bhfuil mórán acmhainní ag an Eoraip ann agus ina dteastaíonn uainn an soláthar a ráthú. Is é an leictriú an t-aon réiteach ar dhúshlán an bhreosla inbhuanaithe agus teastaíonn ceallraí chuige sin.”

Toisc nach bhfuil an oiread amhábhar agus a theastaíonn ar fáil san Aontas, níl de rogha againn ach iad a iompórtáil. Is as Meiriceá Theas agus as an Áise go príomha a thagann litiam, nicil, mangainéis agus cóbalt. Is é a chiallaíonn sin go mbeidh an tAontas, mura ndéanfaidh sé beart ina leith sin, ag brath níos mó agus níos mó ar thíortha nach bhfuil san Aontas, e.g. an Bhrasaíl agus an tSín.

Is é a dúirt cathaoirleach Rannóg TEN, Pierre Jean Coulon, mar fhocal scoir: “Le go mbeidh todhchaí inbhuanaithe againn, beidh orainn saolré iomlán an cheallra a mheas agus a chinntiú go mbeidh na hacmhainní a theastaíonn againn. Ní éireoidh le gnólachtaí na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta sa mhargadh domhanda maidir le forbairt agus úsáid ceallraí mura ndéanfar dul chun cinn mór sna blianta beaga amach romhainn.” (mp)