Le Grúpa na nOibrithe in CESE

Tá sé léirithe arís eile ag an mbagairt atá chugainn ón gcoróinvíreas agus ag géarchéim na ndídeanaithe, tráth atá an casadh is déanaí sa ghéarchéim sin ag titim amach ar an teorainn idir an Tuirc agus an Ghréig, a phráinní atá sé freagairt chomhchoiteann Eorpach a thabhairt ar shaincheisteanna nach acmhainn do na Ballstáit ina n-aonar déileáil leo. Ní hamháin gur gá do na hinstitiúidí Eorpacha, murab ionann agus riamh, teacht ar chomhaontú maidir le bearta agus straitéisí a chuirfear i bhfeidhm ar fud an Aontais, ach ní mór dóibh, ina theannta sin, a dtacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh sin trí acmhainní a chur ar fáil dóibh.

Is é mana an Choimisiúin Eorpaigh nua ná ‘aontas níos uaillmhianaí’ agus tá spriocanna uaillmhianacha sóisialta, comhshaoil agus polaitiúla curtha roimhe aige. Is é is aidhm do thograí amhail Pá Íosta don Aontas Eorpach agus an Comhaontú Glas don Eoraip ná muinín an phobail san Aontas a chothú athuair, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha agus a áirithiú go rachfar i ngleic leis an aistriú tionsclaíoch agus glas ar an mbealach is inbhuanaithe ón taobh sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil de. I dtreo is gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach i gceart, tá sé molta ag Parlaimint na hEorpa go n-íocfaidh na Ballstáit 1.3 % dá n-ollioncam náisiúnta leis an mbuiséad, de thoradh moltaí a rinne CESE agus Coiste Eorpach na Réigiún ina leith. 

Mar sin féin, gearradh siar go mór sa Chomhairle ar an bhfigiúr réamhráite, siúd is gurb é sin an leibhéal maoiniúcháin ab ísle ba ghá chun spriocanna an chláir a bhaint amach: tá roinnt Ballstát ag iarraidh a ranníocaíocht leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a laghdú go 1 % d’ollioncam náisiúnta mBallstát, rud atá go mór faoi bhun an fhigiúir measartha íseal a mhol an Coimisiún, is é sin 1.11 %. Is dócha go dtiocfaidh laghdú breis is 12 % ar na bearta comhtháthúcháin agus laghdú 14 % ar an gcomhbheartas talmhaíochta dá bharr sin, a fhágfaidh go mbeidh na pleananna nua, uaillmhianacha gan mórán éifeachta i ndáiríre.

Tá an dainséar ann go bhfágfar an Comhaontú Glas don Eoraip ar bheagán éifeachta de thoradh na gciorruithe reatha atá molta, rud a chuirfeadh iarrachtaí bunúsacha comhtháthúcháin an Aontais i mbaol agus a d’fhágfadh an tAontas agus a Bhallstáit gan taca agus aghaidh á tabhairt acu ar dúshláin choiteanna. Ní foláir do Pharlaimint na hEorpa anois, murab ionann is riamh, an fód a sheasamh agus ní foláir do na Ballstáit a mheabhrú dóibh féin gurb iomaí rud atá i gceist leis an Aontas Eorpach seachas an buiséad a ghabhann leis. De réir mar atá dúshláin ag dul in iomadúlacht thar lear agus an pobalachas ag iarraidh an neamhionannas atá ann a chur chun a leasa féin, ní le leas aon taobh é a bhfuil ar siúl ag cuid de na páirtithe príomhshrutha agus cás an eoraisceipteachais réasúnta á chur cinn san Eoraip acu. (prp)