Ní mór do Pharlaimint na hEorpa buiséad láidir AE a éileamh don tréimhse 2021-2027

D’athdearbhaigh CESE go láidir a éileamh ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a bheith ann a bheadh socraithe ag 1.3 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27 don tréimhse 2021-2027. D’éiligh CESE go ndéanfaí é sin ag tráth ríthábhachtach sa phróiseas i dtreo comhaontú ar an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá an Chomhairle Eorpach fós ag déanamh iarracht an seasamh atá aici ar an ábhar sin a shocrú.

Le linn díospóireachta de chuid rannóg ECO i mí Feabhra maidir le staid reatha na caibidlíochta faoi CAI, ar ar fhreastail Johan Van Overtveldt, cathaoirleach an Choiste um Buiséid i bParlaimint na hEorpa, d’iarr comhaltaí CESE ar an bParlaimint seasamh le buiséad AE uaillmhianach. I bhfianaise na n-éiginnteachtaí polaitiúla agus eacnamaíocha atá ann faoi láthair, na mórthreochtaí domhanda, na ndúshlán sóisialta agus an Chomhaontaithe Ghlais nua don Eoraip, ní mór don Aontas Eorpach buiséad láidir a ghlacadh a léireoidh na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige.

Dúirt cathaoirleach rannóg ECO, Stefano Palmieri, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh CAI comhleanúnach ann i ndiaidh 2020 a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua atá roimh an Aontas, is iad sin an Comhaontú Glas nua, na hathruithe a thiocfaidh as an ngeilleagar digiteach agus a thábhachtaí atá sé beartas comhtháthaithe éifeachtach a chothú.

Dar le comhaltaí CESE, tá buiséad nua atá inchreidte agus uaillmhianach ag teastáil ón Aontas anois, murab ionann is riamh, ionas gur féidir leis freastal ar ionchais an phobail.

Dúirt an t-aoichainteoir, Johan Van Overtveldt, nach léir conas a fhorbróidh aontacht na Parlaiminte i ndáil leis an éileamh go ndéanfar CAI a shocrú ag 1.3 % de OIN le linn na caibidlíochta leis an gComhairle. Dúirt sé gur féidir leis a rá go deimhin go bhfuil Parlaimint na hEorpa meáite ar chaibidlíocht dhian a dhéanamh ar an gcomhréiteach a dtiocfar air sa deireadh. Mar sin féin, bheadh an Pharlaimint teann ar phlean teagmhasach a bheith ann, de bhrí nach féidir a bheith cinnte go mbeidh socrú ann roimh an 1 Eanáir 2021, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar sheoladh tráthúil na gclár nua.

Ar deireadh, thathantaigh na cainteoirí ar na cinn stáit agus rialtais teacht ar réiteach ag an gComhairle Eorpach, a luaithe is féidir, a dtabharfadh Parlaimint na hEorpa a toiliú ina leith.

Léigh an tuairim ó CESE a bhaineann leis an ábhar seo. (jk)