Bunaithe ar an taithí a fuair siad roimhe seo mar eagraithe ar na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, thug na gníomhaithe a d’fhreastail ar imeacht na bliana 2020 an 25 Feabhra rabhadh maidir le ceist a chur ar dhaoine faoin gcineál Eorpa atá uathu agus ansin neamhaird a dhéanamh dá n-ionchur.
Ba mhór an díomá don chéad ghlúin d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, a chuir tús le próiseas casta an Tionscnaimh, agus a bhailigh agus a dhearbhaigh milliún síniú, nuair a dúradh leo nach ndéanfaí beart ina leith. Dar leis na gníomhaithe, luigh an díomá sin go trom orthu.
A bhuí leis na rialacha nua simplithe atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir, in éineacht le tacaíocht níos fearr a bheith ann d’eagraithe, amhail fóram nua-athchóirithe an Tionscnaimh, bhíothas in ann “an traochadh i leith achainíocha” a mhaolú, rud a spreag 16 Thionscnamh nua mhórthaibhseacha, agus mar chuid de roinnt díobh sin, bailíodh sínithe le linn an imeachta.
Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach nach ndéanfar an botún céanna arís i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Ní féidir neamhaird a thabhairt a thuilleadh ar na daoine atá níos áitithí ná riamh gur cheart deis a bheith acu a dtuairimí a thabhairt, ní hamháin maidir le socrú chlár oibre an Aontais ach maidir leis an gcinnteoireacht féin chomh maith.
Léirigh torthaí an tsuirbhé a rinneadh le linn an imeachta go raibh tromlach mór de na rannpháirtithe den tuairim gur den riachtanas é go mbeadh fíorthionchar ag ionchur na saoránach ar chinntí an Aontais tar éis na dtoghchán Eorpach.
Chreid 67 % de na rannpháirtithe gur cheart nasc soiléir a bheith ann i gcónaí idir rannpháirtíocht na saoránach ar leibhéal an Aontais agus an próiseas cinnteoireachta foirmiúil.
D’aontaigh 69 % díobh gur cheart comhdhálacha, amhail an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a eagrú ar bhonn rialta seachas ar bhonn aonuaire agus gur cheart obair leantach chuí a dhéanamh orthu freisin.
Dúirt 71 % díobh gur cheart, sa bhreis ar an gComhdháil, iniúchadh a dhéanamh ar rannpháirtíocht na saoránach amach anseo agus ar an athchóiriú daonlathach, agus an méid sin a dhéanamh trí chomhdháil a gcuirfeadh na saoránaigh tús léi. Ba cheart go dtosófaí le vóta na saoránach ar bhonn uile-Aontais agus go gcríochnófaí leis sin freisin.
Ina cheann sin, bhí 85 % díobh den bharúil nach mór aird faoi leith a dhíriú ar na Tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair ar an ardán ilteangach ar líne, a chuirfidh an Coimisiún Eorpach ar bun mar acmhainn do dhaoine ar mian leo tuilleadh faisnéise a fháil faoin gComhdháil.
Spreagadh díospóireacht theasaí faoi ról na dteicneolaíochtaí digiteacha i ndáil le todhchaí an daonlathais, agus go háirithe i ndáil leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
D'athdhearbhaigh Uachtarán CESE, Luca Jahier, go bhfuil luach buanseasmhach ag baint leis an daonlathas ionadaíoch agus le comhlachtaí idirmheánacha agus tharraing sé aird ar a dhaingne atá tiomantas CESE do rath na dTionscnamh, rud a mheastar mar chomhlánú luachmhar ar an daonlathas ionadaíoch.
Leag Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht, atá freagrach as an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, béim ar dhiongbháilteacht an Choimisiúin “tacú le teicneolaíocht atá oscailte ach dea-rialaithe”, trí leas a bhaint as an acmhainneacht dhaonlathach lena mbaineann, is é sin a hoscailteacht, a freagrúlacht, a trédhearcacht agus a soláthar, agus, san am céanna, na contúirtí a bhaineann léi, amhail an ionramháil agus slándáil sonraí, a sheachaint.
Tá torthaí an tsuirbhé le fáil anseo, chomh maith le faisnéis mhionsonraithe faoin imeacht. Is leis na rannpháirtithe a d’fhreastail ar an Lá na barúlacha seo. Ní le CESE iad. (dm)
Read less