Is éard atá i Stailc Mhná na Polainne (SMP), buaiteoir an dara duais, gluaiseacht pobail a tháinig chun cinn sa Pholainn in 2016 mar fhrithghníomhú in aghaidh iarracht a rinne an rialtas cearta ginmhillte na mban a chaitheamh i dtraipisí. Ó shin i leith, tháinig fás agus forbairt ar an ngluaiseacht ar fud na tíre agus is í a stiúir roinnt gníomhaíochtaí ar ghlac scata ban ó chathracha beaga agus meánmhéide sa Pholainn páirt iontu. Nocht Marta Lempart ó SMP a gcuid tuairimí faoin ríthábhacht atá leis an ngluaiseacht sin sa lá atá inniu ann sa Pholainn.
CESE info: cén tábhacht atá leis an duais seo duitse agus do d’eagraíocht?
Marta Lempart: Braithimid go bhfuilimid le feiceáil. Na mná sin a bhfuil an obair ghníomhaíoch is deacra á déanamh acu, áit nach bhfuil ceamaraí teilifíse, meáin mhóra, grianghraif ealaíonta ná aitheantas ar bith le fáil seachas an cipearfhuath gránna agus fuath gránna de chineálacha eile, na gnáthmhná – múinteoirí, mná díolacháin, máithreacha, banaltraí, cócairí agus tiománaithe a sheasann don athrú is mian leo a fheiceáil – i gcathracha beaga agus meánmhéide sa Pholainn, tá siad le feiceáil faoi dheireadh thiar thall. Ní hamháin sin, tá ómós á léiriú dóibh agus dá gcuid íobairtí, misnigh, smaointe, iarrachtaí agus éachtaí. Tá an t-aitheantas sin i stair idirnáisiúnta na mban agus na bhfear ag dul dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh clú a bhaint amach, ach, a bhfuil sé tuillte acu a bheith le feiceáil, le cloisteáil, agus tacaíocht a fháil d’ainneoin nach as príomhchathair ná cathracha móra tábhachtacha iad.
Fágann sin freisin go bhfuil ré fheimineachas na gcathracha móra faoi thionchar mhná na bunaíochta, nó na mban rachmasach agus acadúil ag teacht chun deiridh agus gurb iad na gnáthmhná atá ar thús cadhnaíochta toisc gur maith mar a thuigeann siad gur troid bháis nó bheatha í. I measc na mban sin, tá gnáthmhná a cuireadh ina dtost, ar tugadh neamhaird orthu agus a raibh drochmheas ag daoine orthu toisc nach raibh siad “sách maith/léannta/deisbhéalach/ullmhaithe/inghlactha” le bheith ina bhfeiminigh agus na mná sin a théann sa bhearna bhaoil lá i ndiaidh lae.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?
1. Mholfainn do lucht na n-eagraíochtaí sin an ruaig a chur ar an mbord bainistíochta – deasc chabhrach ar chur ar bun chun tionscadail a chomhordú agus a chur ar fáil. Gan tionscadail a chruthú ná a bhrú ar aghaidh ón mbarr anuas – deireadh a chur le cur chuige ón mbarr anuas agus ón mbun aníos agus líonra cumhachtach tacaíochta a chruthú. Má bhíonn duine go huile is go hiomlán freagrach as an toradh, tá sé le tuiscint as sin nach mór an chumhacht chinnteoireachta iomlán a bheith ag an duine sin freisin. Mholfainn do lucht na n-eagraíochtaí sin teacht ar an tuiscint sin. Maoiniú agus tacaíocht a thabhairt ar gach bealach is féidir d'aon rud a thagann le fís na heagraíochta, fiú más de bheagán é – gan smaointe, tuairimí ná gníomhaíochtaí atá ag teacht le chéile go huile is go hiomlán le chéile a lorg ná a bhrú ar aghaidh. Creidiúint sa mhéid a deir daoine, sa dóigh a mothaíonn siad agus sna bearta a dhéanann siad.
2. Béim a chur ar mheas agus spreagadh a thabhairt don ghníomhaíochas áitiúil is cuma cén beart a dhéanann siad. Dul i ngleic le haineolas na meán ar an ngníomhaíochas áitiúil agus le sotal na meán ina thaobh, rud nach mbíonn le feiceáil go hiondúil agus a dtugann soláthraithe na meán náisiúnta neamhaird air de ghnáth. Stopadh de bheith ag eagrú cruinnithe, ceardlann agus comhdhálacha i bpríomhchathair a dtíre féin.
3. Gnáthchaint a dhéanamh.
4. A aithint go bhfuil siad go maith as agus cuimhneamh air sin ar feadh cúig nóiméad gach maidin. Úsáid a bhaint as sin ansin chun tacú le daoine leis an méid a dhéanann siad. Tacaíocht a thabhairt do dhuine amháin ar a laghad gach lá – duine nach n-aontaíonn siad leis nó léi ó thaobh straitéisí, modhanna nó gníomhaíochtaí de. Deimhin a dhéanamh de go n-éistear le glór na mionlach san eagraíocht – glór na ndaoine a bhíonn de shíor ag staonadh. Ní féidir iallach a chur ar dhaoine an chonair is réasúnaí agus is éifeachtaí féin a leanúint – ní mór cead a gcoise a thabhairt dóibh a mbealach féin a réiteach. Is mar sin a éiríonn linn uile.
5. A bheith cineálta. Scaoileadh leis.
Conas a bhainfidh an eagraíocht úsáid as an gcistiú sonrach seo chun tuilleadh cuidithe a thabhairt don phobal?
Úsáidfear an cistiú chun teacht roimh chloíteacht gníomhaithe ar bhealach gníomhach agus chun dul i ngleic leis sin (ciste chun an chloíteacht a throid). Tá an chuid is mó de na mná in SMP faoi bhrú ón stát agus faoi bhrú ón tsochaí (imscrúduithe póilíneachta, ionchúisimh). Tá ciapadh agus cibearbhulaíocht á ndéanamh ar roinnt díobh, tá fadhbanna acu san obair nó tá deacracht acu a gcuid gnólachtaí a choinneáil i mbun gnó agus tá tionchar aige sin ar a gcuid páistí agus teaghlaigh freisin. Déanann an brú agus a gcuid rannpháirtíochta díobháil dá meabhairshláinte agus dá sláinte go ginearálta.
Caithfear cuid den chiste ar bhunaitheoirí SMP freisin. Tá sé beartaithe againn teagmháil a dhéanamh le heagraithe tosaigh na chéad stailce nach bhfuil, ar chúiseanna éagsúla, rannpháirteach in SMP a thuilleadh – mar gheall ar a gcuid dálaí pearsanta, toisc go ndeachaigh siad isteach in eagraíochtaí eile nó toisc deacrachtaí pearsanta a bheith acu. Tá sé i gceist againn teacht le chéile náisiúnta a eagrú cothrom an lae a bunaíodh an stailc ceithre bliana ó shin (an 3 Deireadh Fómhair 2020).
Is fada í stair ghníomhaíochas feimineach na Polainne agus bhí sí ar cheann de na chéad náisiúin san Eoraip a thug cead vótála do na mná. Mar sin féin, tá an Pholainn faoi thionchar barúlacha coimeádacha freisin. Sa chomhthéacs sin, cén tábhacht atá leis an duais seo duitse?
Is mór an tacaíocht í do líne thosaigh na troda agus na frithbheartaíochta i gcoinne phobalachas na heite deise agus fanaicigh chreidimh mar is iad na mná atá ag dul i ngleic leis an mborradh frithbhanda, frithdhaonna a dtugtar cuid mhór urraíochta dó agus atá eagraithe go hidirnáisiúnta agus le fáil ar chlár oibre an "Oird Dhomhanda Nua", rud nach bhfuil tuairim dá laghad ag lucht rialtais ná institiúidí idirnáisiúnta déileáil leis, is cosúil. Páirc thraenála ab ea an Pholainn d'fhanaicigh chreidimh in 2016, agus é mar aidhm leis sin toirmeasc iomlán a chur ar ghinmhilleadh. Chaill sin an troid sin, gan aon agó. Fíorbheagán frithbheartaíochta nó, go deimhin, frithbheartaíocht ar bith, b'in an rud a raibh súil acu leis, ach, tá teacht aniar á dhéanamh ag mná, agus tá an troid sin mar chuid dá saol laethúil.