Is é príomh-mhisean Chomhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne (Ohjelmisto- ja e-business ry), buaiteoir an ceathrú duais, cur le líon na mban a bhfuil tuiscint acu ar bhogearraí. Cuireann siad ceardlanna praiticiúla saor in aisce ar fáil do mhná, nach bhfuil aon taithí chódúcháin acu, chun cuidiú leo an rath a bheith orthu i dtionscal TF. Labhair Rasmus Roiha agus Milja Köpsi linn faoi fhealsúnacht #mimmitkoodaa agus faoin úsáid atá beartaithe ag an eagraíocht a bhaint as an airgead duaise.
CESE info: cén tábhacht atá ag an duais seo duitse agus do d’eagraíocht?
Rasmus Roiha agus Milja Köpsi: Táimid thar a bheith buíoch, is mór an phribhléid dúinn é í a fháil agus táimid níos tiomanta ná riamh leanúint lenár gcuid oibre le #mimmitkoodaa. Beidh tionchar níos mó fós ag ár gclár de réir mar a rachaidh an líon rannpháirtithe i méid agus de réir mar a chuirtear lena scóip. Tá breis is 5000 bean agus na scórtha cuideachtaí rannpháirteach sa chlár anois. Is é an sprioc atá ann go mbeadh deich míle bean agus céad cuideachta rannpháirteach ann sa dá bhliain atá romhainn. Fuarthas aird dhearfach ó na meáin a bhuí leis an duais a bhuachan, rud a chuidigh linn níos mó comhpháirtithe dícheallacha a mhealladh chuig an gclár.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?
Mholfainn dóibh a bheith sonrach. B’fhiú rud nithiúil a thairiscint seachas díreach seimineár nó breis faisnéise a thabhairt dóibh. Sa chuid is mó de chásanna, is éasca teacht ar rannpháirtithe le haghaidh cláir éagsúla, go háirithe má tá rud saor in aisce á thairiscint agat. Inár gcás féin, bhí rath orainn toisc gur éirigh linn rannpháirtíocht na chéad chuideachtaí a chinntiú. Bhí an-tábhachtach leis sin mar is iadsan a dhéanann an chuid is mó den obair: íocann siad táille le haghaidh na n-imeachtaí seolta (cothú pobal) AGUS eagraíonn siad ceardlanna bunleibhéil (obair phraiticiúil, nithiúil). Roghnaíomar na chéad ocht gcinn de chuideachtaí go cúramach agus thugamar cuireadh dóibh ansin. Mar sin, d’éirigh linn cuideachtaí den scoth a mhealladh a léirigh a dtiomantas don chlár. Ó shin i leith, b’éasca i bhfad é forbairt air sin. Mar sin, seift mhaith is ea é tosú le rud praiticiúil chun dearbhú a thabhairt do choincheap an chláir nó d’aon smaoineamh tosaithe :)
Conas a bhainfidh an eagraíocht úsáid as an gcistiú sonrach seo chun tuilleadh cuidithe a thabhairt don phobal?
In 2020, beidh an clár #mimmitkoodaa á leathnú ar fud na Fionlainne againn. Beidh imeachtaí spreagúla á seoladh againn ina roinnfimid scéalta gairme agus noda foghlama. Ina theannta sin, sna himeachtaí sin, léireoimid na poist agus na deiseanna gnó/oibre atá le fáil sa tionscal bogearraí agus an dóigh a bhféadfaidh mná an taithí phearsanta saoil agus oibre atá acu a úsáid i réimse na teicneolaíochta.
Anuas air sin, tá níos mó de na ceardlanna praiticiúla a bhfuil an-tóir orthu ar na bacáin ina bhféadfaidh mná triail a bhaint as cineálacha éagsúla córas bainistíochta ábhair, teangacha ríomhchlárúcháin, tástálacha intleachta saorga, haiceála bháin, etc.
Foilsíonn Comhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne scéalta gairme spreagúla faoi mhná ionas go bhféadfaidh mná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dá chéile agus teacht ar an tuiscint go bhféadfadh an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a bheith ina rogha ghairme acu. I do thuairimse, cé chomh mór is a chuidíonn sin le mná a n-áit féin a aimsiú sa tionscal bogearraí?
Seoid an-luachmhar inár líonra is ea cumhacht na ndea-shamplaí agus na n-eiseamláirí. Nuair a chuirtear daoine éagsúla i láthair, agus cineálacha difriúla scéalta gairme acu, is féidir linn uile dea-shamplaí agus spreagadh a fháil uaidh sin dár dturas féin. Ar an dóigh sin, is féidir linn claontachtaí (comhfhiosacha nó neamh-chomhfhiosacha) atá fós i ndaoine sa tionscal bogearraí sa lá atá inniu ann a ísliú.
Anuas air sin, tá líonra á fhorbairt againn do na mná atá sa tionscal bogearraí cheana, nó a bhfuil spéis acu gairm bheatha a bhaint amach ann. Ghlac líon thar a bheith sásúil daoine páirt cheana féin sa seisiún ceisteanna agus freagraí a craoladh beo ar Instagram. Sin rud nár baineadh triail as riamh roimhe sin inár dtionscal.
An bhfuil sé beartaithe ag do líonra cuidiú le mic léinn bhaineanna óga ábhair ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a roghnú ar scoil nó ár éirigh leat dul i bhfeidhm orthu leis an tionscadal atá anois ann cheana?
Mná fásta atá i spriocghrúpa #mimmitkoodaa, ach is léir dúinn cheana gur eiseamláirí beoga iad na mná sin do mhná agus cailíní óga. Mura mbíonn ach tuiscint an-bhunúsach ag mná fásta ar fhorbairt bogearraí agus ar na féidearthachtaí is féidir le bogearraí a sholáthar tríd an digiteáil, i measc nithe eile, is fearr a ndeiseanna gairme go fóill féin. Ina theannta sin, beidh tionchar aige sin ar a líonra, ar a dteaghlach agus ar a gcuid cairde.