Le 20 bliain anuas tá an Comhlachas Bulgárach NAIA, buaiteoir an tríú duais, ag comhrac i gcoinne an fhoréigin baile i bpobail bheaga atá faoi mhíbhuntáiste agus ag leanúint dá chlár chun cúnamh sóisialta a thabhairt d’íospartaigh atá i gcruachás. Míníonn Svetla Sivcheva san agallamh seo go ndíríonn an comhlachas ar chosc trí chomhoibriú le leanaí óga d’fhonn bealaí a aimsiú chun fáil réidh le steiréitíopaí sóisialta agus iad a shárú ionas gur féidir leis na leanaí cur lena dtuiscint ar chúrsaí an tsaoil agus barr a gcumas a bhaint amach.
CESE info: cén tábhacht atá ag an duais seo duitse agus do d’eagraíocht?
Svetla Sivcheva: Tá an duais seo an-tábhachtach don eagraíocht, atá ag obair le 20 bliain anuas chun foréigean in aghaidh na mban agus na leanaí a chomhrac, agus chun níos mó daoine a chur ar an eolas gur fadhb mhór shóisialta seachas fadhb phríobháideach é seo, agus gur faoin stát, faoi na hinstitiúidí agus faoi gach duine aonair é an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac. Oibríonn an eagraíocht le grúpaí leochaileacha ó bhailte beaga agus ó shráidbhailte a bhfuil go leor dúshláin shóisialta rompu, lena n-áirítear an bhochtaineacht, an dífhostaíocht, luathfhágáil na scoile, agus easpa cúraim sláinte. Is deacair, sa chás seo, cearta na mban a chosaint, iad a chumhachtú, cur leis an muinín atá acu astu féin agus iad a spreagadh chun barr a gcumas a bhaint amach sa saol sóisialta agus eacnamaíoch. In ainneoin na ndúshlán sin, leanamar lenár n-obair agus is aitheantas í an duais seo as ár mbuanseasmhacht agus ár ndiongbháilteacht agus as ár n-iarrachtaí chun a léiriú a thábhachtaí agus a luachmhaire atá sé go gcuirfidh an tsochaí comhdheiseanna ar fáil do mhná agus d’fhir araon.
Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?
Is beag comhairle is féidir a thabhairt dóibh, de bharr go bhfuil cuid mhór oibre déanta cheana ag an tsochaí shibhialta ina leith. Mar sin féin, ní minic a tharraingítear aird ar an obair sin agus ní bhíonn sí ina tosaíocht ag polaiteoirí ach an oiread. Bíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránaigh aonair ag baint triail i gcónaí as smaointe nua agus ag forbairt dea-chleachtais ar leibhéal an Aontais trí thaithí agus saineolas a roinnt lena chéile. Tá súil againn go ndéanfaidh obair na sochaí sibhialta daoine a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar bheartais stáit a thabhairt isteach atá dáiríre agus éifeachtach agus a léireoidh go soiléir gur cheart tús áite a thabhairt don obair seo agus go bhfuil an toil ann ar an leibhéal is airde chun comhdheiseanna do mhná agus d’fhir a chur chun cinn agus a chinntiú i ngach uile réim den saol sóisialta agus eacnamaíoch. Tá roinnt Ballstát imithe ar gcúl maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc agus comhionannas inscne a bhaint amach, agus is cúis mhór imní é sin. Tá súil againn go mbeidh toil pholaitiúil shoiléir ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun seasamh le comhluachanna Eorpacha, lena n-áirítear comhdheiseanna do mhná agus d’fhir.
Cén leas a bhainfidh tú as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal?
Bainfidh an eagraíocht leas as an maoiniú seo chun ár gClár um Chomhionannas Inscne a chosaint. Níl acmhainní airgeadais mhóra ar fáil dár n-eagraíocht. Mar sin féin, tugaimid tús áite i gcónaí do sheirbhísí a chur ar fáil d’íospartaigh foréigin teaghlaigh agus ní féidir cur isteach ar na seirbhísí sin. Bíonn deacrachtaí againn gníomhaíochtaí a mhaoiniú a cheaptar chun comhionannas inscne a bhaint amach. Bainfimid leas as an maoiniú chun an foréigean i gcoinne leanaí a chosc ach, anuas air sin, chun oibriú i gcomhar le banfhiontraithe agus tacú le rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht agus sa chinnteoireacht. A bhuí leis na hacmhainní airgeadais sin, beidh an eagraíocht in ann tacú le níos mó ban ó phobail bheaga dhúnta agus iad a chur ar an eolas agus is mór an tairbhe é sin.
Baineann do thionscadal le tuismitheoirí agus leanaí reamhscolaíochta. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach labhairt le leanaí óga faoi chomhionannas inscne? Conas a chuidíonn scéalta sí le leanaí tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le comhionannas idir fir agus mná?
Is é an fhadhb ar a bhfuilimid ag díriú ná steiréitíopaí inscne a bhrúitear orainn ó aois óg ag tuismitheoirí, múinteoirí agus ár gcomhaoisigh. Ó thosach a n-óige, súnn leanaí isteach go leor steiréitíopaí cultúrtha agus siombailí sóisialta a fhanann leo agus iad ina ndaoine fásta agus is iad an norm anois iad. Cuireann sé sin bac ar bhuachaillí agus ar chailíní iad féin a chur in iúl go hoscailte agus fágann sé go mothaíonn siad gur cheart dóibh iad féin a iompar ar bhealach a bhfuil glacadh ag an tsochaí leis. Chun an fáinne fí sin a bhriseadh, ní mór leanaí a spreagadh ó aois óg chun breathnú ar mhná agus ar fhir i róil eile, seachas róil thraidisiúnta. Ba cheart dóibh a bheith in ann a bpoitéinseal agus a gcumas a mheas agus fios a bheith acu go bhfuil meas ag an tsochaí ar an eolas agus na scileanna atá acu agus go bhfuil siad ábhartha don tsochaí.
Is uirlis iontach iad scéalta sí traidisiúnta do leanaí, lenar féidir saincheisteanna éagsúla a phlé le leanaí óga, mar shampla comhionannas idir mná agus fir, i bhfocail atá so-thuigthe agus soiléir dóibh. Bainimid leas as scéalta sí agus na carachtair iontu chun a thaispeáint do chailíní agus do bhuachaillí na deiseanna nua atá ar fáil dóibh ionas go dtuigfidh siad a mbuanna, a spéiseanna agus a bpoitéinseal, rudaí a chabhróidh leo barr a gcumas a bhaint amach i róil neamhsteiréitipiciúla agus a aithint go bhfuil na róil sin chomh tábhachtach agus chomh luachmhar céanna.