Is mór an tábhacht atá le hainm: an bhearna idir na hinscní a dhúnadh le cabhair na logainmníochta

Tá an eagraíocht Iodálach Toponomastica femminile, buaiteoir na chéad duaise, tiomanta dul i ngleic leis an mbearna idir na hinscní trí áiteanna, go háirithe sráideanna uirbeacha, cearnóga agus páirceanna a shloinneadh ó mhná iomráiteacha. Dar le Maria Pia Ercolini gur mór an cuidiú chun a n-ionad ceart sa tsochaí a chinntiú do mhná an t-aitheantas siomblach seo a thabhairt dóibh agus dá bhfuil bainte amach acu.

CESE info: cén tábhacht atá ag an duais seo duitse agus do d’eagraíocht?

Maria Pia Ercolini: A bhuí leis an aitheantas atá tugtha ag an Aontas Eorpach don obair a dhéanaimid, agus leis an údarás a bhronnann sin orainn, is féidir leis an eagraíocht líonraí idirnáisiúnta a bhunú agus dea-chleachtais a chun chun cinn thar lear.

Cén chomhairle a chuirfeá ar eagraíochtaí eile i dtreo is go mbeadh rath orthu freisin agus iad i mbun gníomhaíochtaí agus cláir den chineál céanna?

Mholfainn dóibh páirt a ghlacadh i ngrúpaí agus i dtionscadail áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, is cuma cén cineál grúpaí nó tionscadal iad, agus béim a leagan i gcónaí ar obair na mban. Méadaíonn sé sin infheictheacht agus éifeachtacht na n-eagraíochtaí atá ann cheana agus ag an am céanna cothaíonn sé bá áirithe ina leith sin i measc na saoránach; rud eile, spreagann sé gach duine a gcion féin a dhéanamh chun an tsochaí a thógáil agus cuidíonn sé le líonraí a chur ar bun.

Cén leas a bhainfidh tú as an maoiniú áirithe seo chun cúnamh breise a chur ar fáil sa phobal?

Tá sé curtha romhainn againn bunachar sonraí a fhorbairt a mbeidh rochtain ag cách air; na beartais logainmníochta réigiúnacha a dhéanamh trédhearcach agus infheicthe; ár ngníomhaíochtaí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta trí shuíomh gréasáin ilteangach a thógáil ina mbeidh léarscáileanna agus geoshuíomh do bhóithre atá baiste as mná; cúrsaí taistil fud fad an Aontais atá bunaithe ar na bóithre sin a fhoilsiú; agus comhairle a chur ar fáil do riaracháin agus do chomhlachais leasmhara, agus comhoibriú leo.

Dar leat cad é an bealach is fearr chun steiréitíopaí inscne a chomhrac agus chun claontacht a laghdú? Cad ina thaobh a gceapann tú go bhféadfaí míthuiscintí agus claontacht faoi ról na mban sa tsochaí a athrú ach aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí ar leibhéal níos siombalaí nó níos fo-chomhfhiosaí?

Chun steiréitíopaí agus claontacht a chomhrac, ní mór dúinn oibriú ar leibhéil éagsúla agus ról a thabhairt don uile ghrúpa aoise agus sóisialta agus do gach catagóir ghairmiúil, beag beann ar inscne, ní áirím gan daoine a mbeadh iarracht de dhrogall orthu faoi seo a chur ó dhoras. Is as an réimse siombalach a fháisctear an chlaontacht agus tá sí fréamhaithe in íomhánna agus i samhlacha nach dtugann léiriú ceart ar chastacht daoine aonair agus na n-inscní éagsúla. Má táimid chun freagairtí agus iompar instinneach a athrú, ní mór dúinn breathnú go soiléir ar gach a ndéanann daoine ó lá go lá.