Ar an 12 Nollaig, bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) duaiseanna ar chúig eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta a sheasann ar son comhionannas deiseanna d'fhir agus mná, a tharraingíonn aird ar chumas agus ar éachtaí na mban agus a chuireann lena gcumhachtú i sochaí agus i ngeilleagar na hEorpa. Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas. Is í an eagraíocht Iodálach "Toponomastica femminile" a bhuaigh an chéad duais EUR 14 000. Tugadh EUR 9 000 an ceann do na grúpaí a bhain an dara, an tríú agus an ceathrú háit amach, iad rangaithe anseo de réir na háite a bhain siad amach: Strajk Kobiet (Cumann Stailce na mBan sa Pholainn), an Comhlachas Bulgárach NAIA agus a thionscadal faoi scéalta sí, Comhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne (Ohjelmisto- ja e-business ry) agus a chlár #mimmitkoodaa (Cód na mBan) agus an tionscadal "The Brussels Binder" ón mBeilg.

"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hiarrthóirí ar fad – na buaiteoirí atá anseo inniu agus gach duine a ghlac páirt sa chomórtas – as a gcuid iarratas iontach, a chuir go mór leis. Léiríonn a gcuid tionscadal go bhfuil an Eoraip réidh le seasamh lena ghealltanas sochaí atá comhionann agus cothrom i ndáiríre d'fhir agus mná araon a bhaint amach. A bhuí le tionscadail mar seo, tá dearcadh an phobail ag athrú de réir a chéile. Tá sé ag éirí níos do-ghlactha mná a choinneáil amach as an saol poiblí agus as poist mórthábhachtacha agus meastar go bhfuil steiréitíopaí faoi róil na mban seanfhaiseanta agus as dáta anois," a dúirt Luca Jahier, Uachtarán CESE, ag an searmanas bronnta.

Dúirt Isabel Caño Aguilar, Leas-Uachtarán ar CESE atá freagrach as an gCumarsáid: "Tá lúcháir orm gurb é cumhachtú na mban téama Dhuais na Sochaí Sibhialta i mbliana. Cuidíonn na tionscadail a cuireadh chugainn leis an troid ar son an chumhachtaithe sin. Tosaíonn siad le páistí óga agus leis na dearcthaí a théann i bhfeidhm orainn go hindíreach gach lá agus muid ag siúl síos an tsráid nó ag éisteacht le comhdháil. Cuidíonn siad leis an troid in aghaidh leithscaradh cothrománach sa mhargadh saothair in earnálacha a bhfuil fir go mór chun cinn iontu, ar nós na Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Cuidíonn siad leis an troid in aghaidh an neamhionannais trí muid a mhealladh ag leibhéal fo-chomhfhiosach trí ainmneacha na sráideanna, nó déanann siad é os ard, trí iad féin a chur in iúl ar shráideanna a mbailte dúchais.”

Is é an aidhm atá ag buaiteoir na bliana seo, Toponomastica femminile (Associazione Toponomastica femminile), ná aitheantas poiblí a thabhairt do mhná, rud nach dtarlaíonn go rómhinic nó atá ag dul dóibh le fada an lá, trí dhaoine a chur ar an eolas maidir leis an méid atá déanta ag na mná don tsochaí agus a gcuid éachtaí stairiúla. De bharr go gcreideann an eagraíocht gur comhartha maith í an logainmníocht – is é sin an staidéar a dhéantar ar logainmneacha – ar an meas atá ag sochaí ar a baill, tá siad ag iarraidh níos mó ban mór le rá a chur ar léarscáileanna cathracha agus bailte.

Léiríonn an taighde a rinne an eagraíocht le gairid ar ainmneacha na n-áiteanna poiblí i dtuairim is 90% de bhardais na hIodáile, an chaoi nár ainmníodh ach 7.8 sráid i ndiaidh ban in aghaidh gach 100 sráid a ainmníodh i ndiaidh fear, agus pearsana reiligiúnacha ba ea 60% de na hainmneacha ban sin. Is beag áit atá baiste as baneolaithe, banfhiontraithe, banealaíontóirí agus mná spóirt mór le rá agus tá Toponomastica femminile ag iarraidh é sin a athrú.

Glacadh go han-dearfach leis an tionscadal - ghlac go leor bardas páirt ann agus anois tá an eagraíocht ag dul i bpáirt le comhlachais in áiteanna eile cheana féin chun na dea-chleachtais seo a scaipeadh.

Agus í ag glacadh leis an duais, dúirt uachtarán Toponomastica femminile, Maria Pia Ercolini: "Tá dlíthe ag teastáil chun sochaí a athrú ach ní leor iad chun iompar daoine a athrú ar bhealach marthanach mura dtagann athrú ar mheon agus ar dhearcadh daoine chomh maith. Ní mór dúinn troid in éadan steiréitíopaí agus claontachta. Ní troid fheimineach amháin í seo, ach troid ar son sochaí atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar son na sibhialtachta chomh maith".

Bronnadh an dara duais ar Strajk Kobiet (Cumann Stailce na mBan sa Pholainn),an ghluaiseacht ban is mó sa Pholainn, a bhí go mór sa nuacht de bharr a "Black Monday Strike" in 2016. Trí agóidí agus mórshiúlta a reáchtáil, éilíonn an ghluaiseacht níos mó cearta do mhná agus cáineann sí dianteannadh an rialtais ar luachanna agus ar shaoirsí bunúsacha. Tá sé mar aidhm aici anois gnáthmhná ó chathracha beaga agus meánmhéide sa Pholainn a chumhachtú.

Tháinig Tionscadal Scéalta Sí na Bulgáire, a bhfuil duaiseanna buaite aige, sa tríú háit. Is é an comhlachas NAIA a reáchtálann an tionscadal seo agus baineann sé leas as scéalta sí traidisiúnta chun dul i ngleic le róil inscne steiréitíopacha a chuirtear ina luí ar chailíní agus ar bhuachaillí agus iad an-óg, rud a mhúnlaíonn a n-intinn agus a chuireann srian leis na deiseanna agus na roghanna a bheidh acu amach anseo.

Tháinig #mimmitkoodaa, clár a bhunaigh Comhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne chun an miotas gur cheart go mbeadh gach forbróir bogearraí ina fhear i gcónaí a bhréagnú, sa cheathrú háit. Tugann an clár uchtach do mhná dul sa tóir ar dheiseanna sa tionscal bogearraí agus dul i dtreo poist agus gairmeacha lena ngabhann pá níos fearr amach anseo.

Is é "The Brussels Binder” ón mBeilg, bunachar sonraí de bhanshaineolaithe beartais, an cúigiú buaiteoir. Tá sé á reáchtáil ag grúpa saorálaithe a bhíonn ag obair go mór ar son ionadaíocht níos fearr do mhná i ndíospóireachtaí ar bheartais Eorpacha agus ba cheart go gcinnteodh sé sin go n-éiríonn le dlíthe agus beartais an Aontais riachtanais agus tuairimí na mban a chur san áireamh. Is é an aidhm atá acu ná go mbeadh sé ar an acmhainn is mó tábhacht maidir le feabhas a chur ar chomhionannas inscne ar phainéil agus sna meáin, sa Bhruiséil agus ar fud an Aontais.

Mheall téama na bliana seo, "Tuilleadh ban i sochaí agus i ngeilleagar na hEorpa", 177 n-iarrthóir - an dara líon is airde iontrálacha san 11 bhliain atá ann ó tháinig an duais ar an bhfód, beagáinín níos lú ná mar a mheall téama 2016, an imirce. Tháinig na hiontrálacha isteach ó 27 mBallstát, rud a thugann le fios go bhfuil spéis mhór ag na saoránaigh agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta rud éigin a dhéanamh chun dul i ngleic le an neamhionannas inscne, rud atá fós ina cheist mhór san Eoraip.

Bronntar Duais na Sochaí Sibhialta mar chúiteamh ar "barr feabhais i dtionscnaimh na sochaí sibhialta". Gach bliain, díríonn an duais ar ghné dhifriúil d’obair CESE. Ba é ba théama don duais in 2018 luachanna, féiniúlachtaí agus oidhreachtaí chultúrtha Eorpacha mar bhealach le hEorpaigh a thabhairt le chéile.

Tá tuilleadh sonraí faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta 2019 ar fáil anseo. Is féidir féachaint ar an bhfíseán ina dtugtar eolas faoi na tionscadail bhuacha anseo.