Available Languages:

Editorial

A chairde,

Ina cháil mar ghlór shochaí shibhialta na hEorpa, tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tacaíocht agus aitheantas don obair fhíorluachmhar atá á déanamh ag eagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta san Aontas, na ceardchumainn agus eagraíochtaí na bhfostóirí, ar daoine iad, atá ag féachaint gach lá agus ina mbealach féin leis an Aontas Eorpach a dhéanamh níos fearr.

Uair sa bhliain, bronnann CESE duais speisialta chun gaiscí ar leith atá déanta ag eagraíochtaí shochaí shibhialta na hEorpa i réimse áirithe a cheiliúradh agus ómós a thabhairt dóibh, tar éis téama a roghnú go cúramach a chuimsíonn réimse tábhachtach dá chuid oibre. I mbliana, bronnadh Duais na Sochaí Sibhialta den aonú huair déag agus tá mé iontach sásta agus bródúil a rá gur roghnaíomar é a thiomnú do chumhachtú na mban agus do ghníomhaíochtaí a chosnaíonn comhionannas inscne.

In short

Tá searmanas bronnta Dhuais na Sochaí Sibhialta 2019 le feiceáil ar líne anois!

Féach ar an bhfíseán chun buaicphointí an tsearmanais a fheiceáil!

Bróisiúr faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta

Tá bróisiúr foilsithe ag CESE ina gcuirtear i láthair na cúig thionscadal bhuaiteacha ar fad agus ina dtugtar eolas cúlra faoi Dhuais na Sochaí Sibhialta.

Duais na Sochaí Sibhialta 2019 sna meáin

EESC News

Is í an eagraíocht Iodálach “Toponomastica femminile” a bhuaigh Duais na Sochaí Sibhialta 2019 (CESE) maidir le comhionannas inscne

Ar an 12 Nollaig, bhronn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) duaiseanna ar chúig eagraíocht de chuid na sochaí sibhialta a sheasann ar son comhionannas deiseanna d'fhir agus mná, a tharraingíonn aird ar chumas agus ar éachtaí na mban agus a chuireann lena gcumhachtú i sochaí agus i ngeilleagar na hEorpa. Roinneadh duais EUR 50 000 idir na cúig thionscadal a bhuaigh an comórtas. Is í an eagraíocht Iodálach "Toponomastica femminile" a bhuaigh an chéad duais EUR 14 000. Tugadh EUR 9 000 an ceann do na grúpaí a bhain an dara, an tríú agus an ceathrú háit amach, agus iad rangaithe anseo de réir na háite a bhain siad amach: Strajk Kobiet (Cumann Stailce na mBan sa Pholainn), an Comhlachas Bulgárach NAIA agus a thionscadal faoi scéalta sí, Comhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne (Ohjelmisto- ja e-business ry) agus a chlár #mimmitkoodaa (Cód na mBan) agus an tionscadal "The Brussels Binder" ón mBeilg.

In the winners' words

Is mór an tábhacht atá le hainm: an bhearna idir na hinscní a dhúnadh le cabhair na logainmníochta

Tá an eagraíocht Iodálach Toponomastica femminile, buaiteoir na chéad duaise, tiomanta dul i ngleic leis an mbearna idir na hinscní trí áiteanna, go háirithe sráideanna uirbeacha, cearnóga agus páirceanna a shloinneadh ó mhná iomráiteacha. Dar le Maria Pia Ercolini gur mór an cuidiú chun a n-ionad ceart sa tsochaí a chinntiú do mhná an t-aitheantas siomblach seo a bheith tugtha dóibh agus dá bhfuil bainte amach acu.

Stailc Mhná na Polainne: mná i mbailte beaga a mhealladh chun troid ar son chearta na mban

Is éard atá i Stailc Mhná na Polainne (SMP), buaiteoir an dara duais, gluaiseacht pobail a tháinig chun cinn sa Pholainn in 2016 mar fhrithghníomhú in aghaidh iarracht a rinne an rialtas cearta ginmhillte na mban a chaitheamh i dtraipisí. Ó shin i leith, tháinig fás agus forbairt ar an ngluaiseacht ar fud na tíre agus is í a stiúir roinnt gníomhaíochtaí ar ghlac scata ban ó chathracha beaga agus meánmhéide sa Pholainn páirt iontu. Nocht Marta Lempart ó SMP a gcuid tuairimí faoin ríthábhacht atá leis an ngluaiseacht sin sa lá atá inniu ann sa Pholainn.

 

Comhlachas NAIA: “Is fadhb shóisialta seachas fadhb phríobháideach é an foréigean teaghlaigh”

Le 20 bliain anuas tá an Comhlachas Bulgárach NAIA, buaiteoir an tríú duais, ag comhrac i gcoinne an fhoréigin baile i bpobail bheaga atá faoi mhíbhuntáiste agus ag leanúint dá chlár chun cúnamh sóisialta a thabhairt d’íospartaigh atá i gcruachás. Míníonn Svetla Sivcheva san agallamh seo go ndíríonn an comhlachas ar chosc trí chomhoibriú le leanaí óga d’fhonn bealaí a aimsiú chun fáil réidh le steiréitíopaí sóisialta agus iad a shárú ionas gur féidir leis na leanaí cur lena dtuiscint ar chúrsaí an tsaoil agus barr a gcumas a bhaint amach.

#mimmitkoodaa: insíothlú isteach in áit a bhfuil an idirdheighilt inscne go láidir – tionscal Theicneolaíocht na Faisnéise (TF)

Is é príomh-mhisean Chomhlachas Bogearraí agus Ríomhghnó na Fionlainne (Ohjelmisto- ja e-business ry), buaiteoir an ceathrú duais, cur le líon na mban a bhfuil tuiscint acu ar bhogearraí. Cuireann siad ceardlanna praiticiúla saor in aisce ar fáil do mhná, nach bhfuil aon taithí chódúcháin acu, chun cuidiú leo an rath a bheith orthu i dtionscal TF. Labhair Rasmus Roiha agus Milja Köpsi linn faoi fhealsúnacht #mimmitkoodaa agus faoin úsáid atá beartaithe ag an eagraíocht a bhaint as an airgead duaise.

"The Brussels Binder": painéil díospóireachta na Bruiséile a athrú ó bhonn

Reáchtáiltear líon mór díospóireachtaí sa Bhruiséil gach bliain. Is fir iad dhá thrian de na cainteoirí a bhíonn ar na painéil sin. Mar sin féin, is iomaí bean a bhféadfaí brath orthu chun saineolas agus éagsúlacht araon a thabhairt isteach i ndíospóireachtaí an Aontais. Chun dul i ngleic leis an éagothroime sin, is éard atá i gcroílár straitéis "The Brussels Binder", ardán a fhorbairt a d’fhéadfadh a bheith ina mhol do shaineolaithe baineanna agus, ina theannta sin, d'eagraithe painéal a bhíonn ar thóir cainteoirí. Rinne CESE Info agallamh le Juliane Schmidt faoina straitéis fhoriomlán chun painéil a thionóltar sa Bhruiséil, inar líonmhaire go mór na fir, a athrú.