Catagóir Tomhaltóirí agus Comhshaoil

Faoi láthair tá an Chatagóir Tomhaltóirí agus Comhshaoil comhdhéanta de chomhaltaí ó Ghrúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (Grúpa III), agus is ionadaithe ar eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhshaoil a bhformhór nó is saineolaithe ar na réimsí sin iad. Is comhaltaí de rannóga INT, TEN, SOC agus ECO a bhformhór freisin.

Is é príomhaidhm na catagóire ná plé a dhéanamh ar dhoiciméid a mholann an Coimisiún Eorpach agus a chinntiú go gcuirtear cearta tomhaltóirí agus cosaint an chomhshaoil san áireamh in obair uile CESE. Is fóram í an chatagóir inar féidir le rannpháirtithe plé a dhéanamh ar na beartais a chuirtear chun feidhme sna tíortha a ndéanann siad ionadaíocht orthu in CESE

Is é Grúpa Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta a chuireann rúnaíocht na catagóire ar fáil.