Imeachtaí, Cuairteanna & Cultúr

This page is also available in

Duais na Sochaí Sibhialta

Dar le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, is é aidhm na duaise, a bhronntar go bliantúil, tionscnaimh ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a aithint agus a spreagadh, ar tionscnaimh iad a chabhraigh go mór le féiniúlacht agus lánpháirtiú na hEorpa a chur chun cinn.

Mar sin, is é cuspóir foriomlán na duaise feasacht a mhúscailt maidir leis an méid is féidir leis an tsochaí shibhialta a dhéanamh ar bhealach atá mar thaca ag na comhluachanna atá mar bhunús do lánpháirtiú na hEorpa.

I mbliana, i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige agus i bhfianaise na staide polaitiúla reatha, bronnfar Duais na Sochaí Sibhialta den 13ú bliain ar thionscnaimh arb é is aidhm dóibh todhchaí níos fearr a chruthú d’Eorpaigh óga nó todhchaí níos fearr a chruthú in éineacht leo, trí dhul i ngleic le sainriachtanais an ghrúpa sin agus trí rannchuidiú lena gcumhachtú agus lena rannpháirtíocht i ngach réimse den saol eacnamaíoch agus sóisialta (catagóir 1), nó tionscnaimh arb é is aidhm dóibh cabhrú le sibhialtaigh atá ag fulaingt de dheasca an chogaidh san Úcráin (catagóir 2).

An bhfuil spéis agat iarratas a chur isteach? Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig: civilsocietyprizeateesc [dot] europa [dot] eu

*Táthar ag súil gur féidir iarratais a chur isteach sa dara ráithe de 2022.


Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar CESE? Bheadh lúcháir orainn fáilte a chur romhat!

Cuireann CESE fáilte roimh ghrúpaí cuairteoirí ó gach cearn den domhan, agus déanann sé cur síos ar a ról, ar a ghníomhaíochtaí agus ar an dóigh a bhfeidhmíonn sé mar chomhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh. Reáchtálann an tseirbhís do chuairteoirí cuairteanna ar an láthair agus cuir i láthair ar líne a mhaireann thart ar uair an chloig nuair is féidir agus i do rogha teanga AE. Ina dhiaidh sin, pléitear obair CESE maidir le réimse/réimsí beartais an Aontais a bhfuil suim ag an ngrúpa iontu.

In 2021, in ainneoin na srianta diana a bhain leis an ngéarchéim sláinte, bhuail CESE le 1605 ríomhchuairteoir.

Ní raibh na cuairteoirí in ann teacht chuig áitribh CESE go pearsanta, ach lean siad cainteanna ar líne a eagraíodh go fíorúil in ionad cuairteanna ar an láthair.

Ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn más mian leat cuairt a eagrú. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí ríomhphost a chur chuig visitEESCateesc [dot] europa [dot] eu, nó tríd an bhfoirm iarratais ar chuairt a líonadh isteach atá ar fáil anseo:

Foirm iarratais ar chuairt | Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (europa.eu)


Cultúr

At the European Economic and Social Committee, we see culture as a driver towards systemic change. The purpose of our cultural activities is to become a vehicle for transformation and to stimulate interactivity and active

Ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, feictear dúinn gur spreagadh é an cultúr chun athrú sistéamach a bhaint amach. Is é cuspóir ár ngníomhaíochtaí cultúrtha a bheith ina meán don chlaochlú agus an idirghníomhaíocht agus rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh, gníomhaíochtaí aonair agus comhpháirteacha.

Déanaimid é sin trínár ngníomhaíochtaí cultúrtha a nascadh le príomh-shaincheisteanna tráthúla a bhaineann leis an tsochaí, an stair, an geilleagar, leasanna daonnúla nó polaitíochta agus atá ina n‑ábhar imní ar bhonn náisiúnta nó Eorpach. 

Lean sinn ag

Tugtar cuireadh duit tuilleadh eolais a fháil ach cliceáil ANSEO