Eolas faoi imeacht 'Leatsa an Eoraip, Abair Leat!' na bliana 2020

Follow us on


Ní féidir gan a bheith ag déanamh imní faoin athrú aeráide agus, dá chomhartha sin, tá daoine óga fud fad na cruinne ag spreagadh a chéile agus ag teacht le chéile chun an pláinéad a shábháil. Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag glacadh páirt sa ghluaiseacht seo trína iarraidh ar rannpháirtithe óga ag an imeacht 'Leatsa an Eoraip, Abair Leat!' a gcuid moltaí maidir leis an mbealach is fearr chun an domhan a chosaint a thabhairt.

Reáchtálfar  bréagchomhdháil idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide (COP) le linn imeacht na bliana seo.

Is spéis leis an gCoiste tuairimí úrnua na ndaltaí a chloisteáil maidir leis an gcaoi inar féidir dul i ngleic le géarchéim an athraithe aeráide atá ann faoi láthair agus spriocanna aeráidneodracha na bliana 2050 a bhaint amach ar shlí níos éifeachtaí.

Iarrfar ar na daltaí ionadaíocht a dhéanamh ar thír agus dul i mbun caibidlíocht le chéile d'fhonn moltaí a dhéanamh chun deireadh a chur leis an athrú aeráide.

Cuirfear na moltaí seo faoi bhráid lucht déanta beartais comhshaoil ar fud an domhain agus pléifear iad ag comhdhálacha ar fud na hEorpa i rith na bliana.

Le linn an imeachta YEYS, cuirfear na daltaí i dteagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta don óige chomh maith, a chabhróidh leo bearta praiticiúla a dhéanamh dá gcuid moltaí agus iad féin a chur in iúl.