Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC)

Déanann an Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht (SOC) obair CESE i roinnt réimsí beartais a ullmhú, amhail fostaíocht agus dálaí oibre, oideachas agus oiliúint, cearta bunúsacha agus cearta na saoránach, sláinte, beartas sóisialta agus cearta sóisialta, comhionannas inscne, saincheisteanna míchumais, cuimsiú na Romach, imirce agus tearmann, ceartas agus gnóthaí baile (lena n-áirítear inimirce).

Áirítear ar phríomhghníomhaíochtaí na Rannóige an obair a dhéanann sí maidir leis an gcomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 agus an téarnamh uaithi, le cearta bunúsacha agus an smacht reachta, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus bearta tionlacain, le todhchaí na hoibre agus le himirce agus tearmann. Ina theannta sin, cuireann Rannóg SOC an rúnaíocht ar fáil le haghaidh an Fhóraim Eorpaigh um Imirce (EMF), ar fóram é a eagraíonn CESE i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach.

Is i gcomhlachtaí buana na Rannóige a dhéantar na cúraimí atá níos speisialaithe agus is iad seo a leanas na comhlachtaí buana atá i gceist: an Fhaireachlann um Margadh an tSaothair (FMS), an Grúpa ad hoc um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta (FRRL), an grúpa staidéir téamach um inimirce agus lánpháirtíocht (IMI), an grúpa staidéir téamach um chearta daoine faoi mhíchumas (DIS) agus an grúpa staidéir téamach um chuimsiú na Romach (ROMA).

Downloads

SOC section priorities 2023-2025
End-of-mandate-report SOC 2020-2023