Grúpa ad hoc um an gComhionannas

Is in 2020 a bunaíodh go foirmiúil an Grúpa ad hoc um an gComhionannas (‘an Grúpa um an gComhionannas’). Ba é cúis a bhunaithe cultúr leathan comhionannais a chur chun cinn laistigh de CESE, lena n-áirítear gach gné de phrionsabal an chomhionannais, an comhionannas inscne go háirithe.

Déanann an Grúpa um an gComhionannas an comhionannas a chosaint agus a chur chun cinn trí réimse leathan gníomhaíochtaí:

  • tograí le haghaidh gníomhaíochta a tharraingt suas agus moltaí a chur faoi bhráid Bhiúró CESE chun tacú leis an gcomhionannas;
  • athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar na torthaí a bhí ar na bearta a rinne CESE chun an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn;
  • féachaint chuige go ndéantar prionsabail an chomhionannais, lena n-áirítear an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú, a urramú agus a chomhlíonadh nuair a bhíonn róil éagsúla á líonadh, e.g. an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus comhaltaí Bhiúró CESE, chomh maith leis na rapóirtéirí, na comhrapóirtéirí agus comhaltaí na ngrúpaí staidéir;
  • sonraí a fhoilsiú maidir le gníomhaíochtaí a chuireann leis an gcomhionannas;
  • an príomhshruthú inscne a áirithiú i mbeartais an Choiste;
  • cruinnithe téamacha a eagrú le cainteoirí tábhachtacha chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna an neamhionannais agus dea-chleachtais a mhalartú chun an chothroime, an comhionannas agus an trédhearcacht a chur chun cinn.

Tá dháréag comhaltaí sa Ghrúpa um an gComhionannas. Is é a dhéantar go gceapann gach aon cheann de na trí ghrúpa ceathrar comhaltaí mar ionadaithe. Le linn na hathnuachana meántéarma is déanaí, ceapadh Sif Holst (Grúpa III) ina chathaoirleach ar an nGrúpa um an gComhionannas, agus Maria Nikolopoulou (Grúpa II) agus Dolores Sammut Bonnici (Grúpa I) ina leaschathaoirligh.

Feidhmíonn an Grúpa um an gComhionannas go hoscailte agus go hionchuimsitheach agus úsáidtear cur chuige trasearnála i leith an chomhionannais. Cuireann sé tuarascáil faoi bhráid Bhiúró an Choiste ag deireadh gach téarma oifige, ina leagtar amach gníomhaíochtaí agus tograí an ghrúpa, agus ina ndéantar breithniú ar an dul chun cinn a rinneadh in CESE maidir le comhlíonadh phrionsabal an chomhionannais.

Tá rúnaíocht fhoireann an Bhiúró agus na nGrúpaí Ad Hoc in Aonad na Clárlainne agus na Pleanála Reachtaí (Stiúrthóireacht A) ag tacú le hobair an Ghrúpa um an gComhionannas. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le registry@eesc.europa.eu.


Sif Hoslt, Ioannis Vardakastannis