An Fhaireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe (FFI)

Is é an príomh-mhisean atá aici an inbhuanaitheacht a chur chun cinn san Aontas trí rathúnas eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus freagracht i leith an chomhshaoil a chur chun cinn ar dhóigh chothrom chomhtháite. Tá an fhaireachlann tiomanta do rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus na sochaí sibhialta a chothú agus an t-aistriú i dtreo Eoraip níos inbhuanaithe á bhaint amach. Is é an t‑aon chomhlacht laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha é atá tiomanta do bheartais inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha d'eisiamh aon chuspóir eile.

Is as raon leathan de ghrúpaí sainleasa iad comhaltaí na faireachlainne agus tá saineolas acu ar gach réimse den obair a dhéanaimid agus bíonn obair mhór for-rochtana ar siúl acu le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud na mBallstát.

Éascaíonn an Fhaireachlann um Fhorbairt Inbhuanaithe idirphlé agus comhpháirtíochtaí idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais Eorpaigh i réimse na forbartha inbhuanaithe trí éisteachtaí poiblí, comhdhálacha, ardáin trína malartaítear dea-chleachtais, ceardlanna agus staidéir tionchair a eagrú agus trí rannchuidiú le tuairimí an Choiste. Is éard is uathúla i dtaobh na Faireachlainne um Fhorbairt Inbhuanaithe ná go dtugann sí daoine agus eagraíochtaí le chéile ag a bhfuil réimse leathan ábhar spéise, ar as go leor cúlraí éagsúla iad agus nach gcasfaí ar a chéile murach sin chun teacht le chéile faoi chomhbhá agus chun slite nua le díriú ar na saincheisteanna forbartha inbhuanaithe a iniúchadh. Oibrímid i gcomhar le comhlachtaí comhchosúla ar an leibhéal náisiúnta, cuir i gcás comhairlí forbartha inbhuanaithe mar aon le comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta laistigh den Eoraip agus lasmuigh di.

Downloads

SDO Work Programme 2023-2025
SDO - Work Programme 2020-2023
Activity report 2020-2023 Sustainable Development Observatory