Leatsa an Eoraip, Abair leat!

Is ócáid bhliantúil don óige é Leatsa an Eoraip, Abair leat!, a reáchtálann CESE. Cuireadh tús leis in 2010 agus ba é an sprioc a bhí leis comhbhá leis an Aontas Eorpach a chothú i measc daoine óga. Gach bliain, tagann daltaí idir 16 agus 18 mbliana d'aois ó Bhallstáit uile an Aontais agus ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas chun na Bruiséile ar feadh dhá lá agus oibríonn siad i gcomhar le chéile chun rúin a tharraingt suas a chuirtear ar aghaidh ansin chuig institiúidí an Aontais. Cuirtear in iúl sna rúin sin a gcuid smaointe, a dtograí agus na hábhair dóchais atá acu faoina bhfuil rompu mar shaoránaigh Eorpacha. Féadann gach meánscoil san Eoraip iarratas a chur isteach agus triúr daltaí a roghnú le páirt a ghlacadh san imeacht seo. Cá bhfios nach í do scoilse a roghnófar an bhliain seo chugainn!